Eachtra sé seachtaine ar an oileán

Eachtra sé seachtaine ar an oileán

Caitríona Ní Conaola
Clare Cashman

 

le Ciarán Tierney

Tá beirt ealaíontóirí Gaeltachta, Clare Cashman agus Caitríona Ní Conaola, ar tí taitneamh a bhaint as cónaitheacht sé seachtaine ar Inis Oirr mar gheall ar chónaitheacht iontach i gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta.

D’éirigh leis na healaíontóirí, atá lonnaithe i gConamara, cur isteach ar na cónaitheachtaí in Áras Éanna nuair a d’fhógair muid iad i mí na Samhna.

Bhí na cónaitheachtaí oscailte d’aon bheirt ealaíontóirí, atá lonnaithe sa Ghaeltacht, a bhí ag iarraidh sé seachtaine a chaitheamh anso ar ár n-oileán álainn agus an spás iontach atá againn anseo san ionad ealaíne a úsáid.

Fanfaidh siad inár dteach ealaíontóirí ar Inis Oirr agus beidh siad in ann ár stiúideonna agus ár n-amharclann a úsáid ag an ionad ealaíne is faide siar san Eoraip ar fad go dtí an 12ú Márta.

As Corcaigh ó dhúchas, is físealaíontóir í Clare atá ag fiosrú tírdhreach, samhlaíocht agus dearcadh Chonamara ó bhog sí go ceantar Charna deich mbliana ó shin.

Ciallaíonn an grá atá aici do thírdhreacha go bhfuil sí thar a bheith sásta leis an ionchas sé seachtaine a chaitheamh ag maireachtáil agus ag obair ar an oileán is lú ar Oileáin Árann.

Tírdhreach iontach Inis Oirr. Grianghraf le Ciaran Tierney.

Taispeánadh a saothar í seónna aonair agus i roinnt taispeántas grúpa ar fud na tíre ag ionaid lena n-áirítear Dánlann Bardasach Crawford, Corcaigh, Dánlann Butler, Cill Chainnigh, an Model i Sligeach, Dánlann Ashford, Acadamh Ríoga Hibernian, Baile Átha Cliath, agus Pallas Projects, Baile átha Cliath.

Is cainteoir dúchais Gaeilge í Caitríona agus ealaíontóir idirdhisciplíneach as Conamara í, a d’fhás aníos tumtha i dtraidisiún amhránaíochta an sean nós.

Déanann sí magadh nach raibh a fhios aici go raibh amhránaíocht de chineál ar bith seachas an ‘sean nós’ go dtí go bhfaca sí Madonna ag seinm ar MTV!

Rinne sí oiliúint le Siamsa Tire sna 1990idí, ag plé le seanscéalta trí amhránaíocht, ceol agus damhsa, agus bhí sí ina healaíontóir comhlach leo arís anuraidh.

Ag Cúirt i nGaillimh in 2017, rinne sí cur i láthair ar shaothar Chaitlín Maude, fonnadóir a chuala sí ar an raidio agus í ina gasúr.

Scríobh sí dráma grinn, Glutened, seó aonair a raibh sí féin ina haisteoir ann ag Galway Theatre Festival in 2018 agus rinne sí ag Solofest i Los Angeles é an bhliain dar gcionn.

Tá sí páirteach sa gcomhchoiteann GIORRIA, ag cruthú ábhar úrnua sna healaíona traidisiúnta, lúibíní, agallamh beirte agus amhráin.

Guíonn Áras Éanna gach rath ar Clare agus Caitríona as a gcuid tréimhsí sé seachtaine linn ar Inis Oirr agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hEalaín na Gaeltachta as an deis a thabhairt dóibh sult a bhaint as an gcuid is fearr atá ar fáil ar an oileán.

………………..

Aimsigh muid ar Facebook: https://www.facebook.com/ArasEannaIonadEalaine

Tá Áras Éanna ar Twitter freisin! https://twitter.com/araseanna

 

An trá in Inis Oirr. Grianghraf le Cormac Coyne.