Fuaimrian MacDara ag ceiliúradh oidhreacht na n-oileán

Fuaimrian MacDara ag ceiliúradh oidhreacht na n-oileán

An grianghraf a thóg JM Synge de shinsir Mhic Dara Ó Conaola i 1905, i ndath glórmhar anois.

le Ciaran Tierney

Tá nasc ar leith ag an gcumadóir áitiúil a chuir an fuaimrian iontach le chéile chun dul lenár dtaispeántas ‘Pictiúir Daite D’Árann Ársa’ leis an taispeántas a bhfuil cuairteoirí go hInis Oirr ag baint sult as faoi láthair.

I gceann de na híomhánna iontacha atá ar taispeáint tá seanathair MacDara Uí Chonaola féin, a seanuncail, agus a dtuismitheoirí, i ngrianghraf a thóg an t-údar J.M. Synge ar an trá anseo ar an oileán nuair a thug sé cuairt ar Inis Oirr i 1905.

Tá an íomhá ar cheann de 20 a bhfuil an-tóir orthu leis na céadta cuairteoir chuig an oileán le seachtainí beaga anuas.

Bíonn cuairteoirí chomh tógtha céanna leis an bhfuaimrian atá léirithe ag MacDara a théann leis an gceol idir 11rn agus 4in gach lá.

Tá na grianhraif suite taobh amuigh d’fhoirgneamh Áras Éanna, ar shuíomh ina bhfuil radharcanna iontacha ar Inis Meáin, Conamara, na Boirne agus Cuan na Gaillimhe, ag cinntiú go mbíonn daoine in ann na grianghraif a fheiceáil i rith an lae.

Thug an t-acadaí ó OÉ Gaillimh, John Breslin, cuireadh do MacDara ceol a chumadh don taispeántas agus seinneann sé ar lúb anois, rud a chuireann go mór leis an timpeallacht dóibh siúd a thagann go dtí Áras Éanna chun na grianghraif daite a fheiceáil.

“Bhí mé fhéin agus John Breslin I dteangmháil le chéile le linn an pandéi,” a deir MacDara. “Dúirt mise leis go mbeadh sé go deas comhoibrú a dhéanamh ar rud a chinnt ag baint le Oileáin Árainn, mar tá draíocht ag baint le Oileáin Árainn agus tá daoine faoi draíocht ag na hoileáin le fada.

“Tar éis tamall beag, chuir sé riamhphost chugam ag rá gur maith leis fuaimrian le dul le taispeántas a bhí sé ag chur le chéile le shean pictiúrí d’Oileáin Árann, go raibh sé ag cur dath oraib agus go mbeadh mé in ann cunamh leo freisin leis na dathanna.”

Teaghlach ón mBriotáin ag baint suilt as an bhfuaimrian le MacDara ag Áras Éanna an tseachtain seo caite. Grianghraf le Ciaran Tierney.

Chabhraigh MacDara leis na hacadóirí ar ais i nGaillimh, Breslin agus Sarah-Anne Buckley, trí dhul timpeall an oileáin agus fiafraí de na seandaoine faoi na dathanna a bhíodh á gcaitheamh ag daoine ar a gcuid éadaí.

“Bhí mo tuairimí agam fhéin faoi cén dath a bhí ar na héadai agus chuir mé go leoir ceisteanna ar muintir na háite anseo freisin le cinntiú go raibh na dathanna ceart ar na pictiúirí,” a deir MacDara.

“Bhí suim agam i gcónaí ar an pictiúir a thóg Synge de mo shean mhuintir féin i 1905. An pictiútiur a thóg sé ar an trá anseo ar Inis Oirr. Tá mo shin-seanathair féin, sin-seanmháthair, seanathair agus sean-uncail sa phictiúr. Bhí John Breslin an-sásta dath a chuir air agus é a úsáid sa taispeántas.”

Tá suim mhór ag MacDara i stair, oidhreacht, agus muintir Oileáin Árann agus tá sé sin le feiceáil sna 11 amhrán álainn a chuir sé le chéile don taispeántas.

Tá an taispeántas ‘Pictiúir Daite D’Árann Ársa’ urraithe ag an gCiste Árann in OÉ Gaillimh agus Áras Éanna Ionad Ealaine Inis Oirr.

Leanann sé ar aghaidh go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.

https://aras-eanna.ie/project/pictiuir-daite-darann-arsa/

 

Mac Dara O Conaola ag Áras Éanna. Tá cuairteoirí ó gach cearn den domhan ag baint sult as a fuaimrian amuigh sa chlós.