Pictiúir Daite d’Árann Ársa

Pictiúir Daite d’Árann Ársa

(Iúil go Meáin Fómhair 2022)

Beidh deis speisialta ag cuairteoirí go hInis Oirr an samhradh seo nuair a bheidh taispeántas amuigh faoin aer de sheanghrianghraif daite ó na trí Oileán Árann ó mhí Iúil go Meán Fómhair ag Áras Éanna.

Bunaithe ar na leabhair ‘Old Ireland in Colour’, tá acadóirí agus comhúdair John Breslin agus Sarah-Anne Buckley as OÉ Gaillimh ag teacht go hInis Oirr. Tógadh na grianghraif go léir a ar taispeáint in Áras Éanna ar Oileáin Árann.

Tá Breslin agus Buckley ag comhoibriú le MacDara Ó Conaola, atá lonnaithe in Inis Oírr, chun fuaimrian a chruthú timpeall ar ghrianghraif an taispeántais ar an 9ú Iúil.

Roimh sheoladh an taispeántais seo beidh caint ó Breslin agus Buckley, agus beidh ceol le Ó Conaola don ócáid. Tá an taispeántas seo urraithe ag an gCiste Árann in OÉ Gaillimh agus Áras Éanna Ionad Ealaine Inis Oirr.

“Tháinig an taispeántas seo chun cinn mar gheall ar chomhpháirtíocht a sheolamar anuraidh leis an Ollscoil i nGaillimh. Tá súil againn go bhfeicfidh muid go leor tionscadal idir an ollscoil agus Áras Éanna,” a deir McGee.

“Tá sé iontach dúinne, mar ionad beag ealaíon ar oileán beag, an chomhpháirtíocht seo a bheith againn le hOÉ Gaillimh. Is é seo ár gcéad thionscadal comhpháirtíochta leis an Ollscoil taobh amuigh den taispeántas iontach rathúil “Curacha” a chuireamar ar siúl san Ollscoil anuraidh”,

* Beidh an taispeántas ‘Pictiúir Daite d’Árann Ársa’ á oscailt taobh amuigh i gclós Áras Éanna ar an Satharn 9 Iúil agus beidh sé ar siúl go dtí an Aoine 30 Meán Fómhair.