Ceiliúrann póstaer nua na Curacha

Ceiliúrann póstaer nua na Curacha

An currach le Cathal McGinley ar Inis Oirr. Grianghraf le Cormac Coyne.

Tá póstaer sármhaith nua ar díol chun an taispeántas ‘Curacha’ do chomóradh 21 bliain Áras Éanna a cheiliúradh an samhradh seo.

Deartha ag Caomhan O Scolaí agus Dara McGee, tá grianghraif de na 21 currach le Cormac Coyne, cónaitheoir Inis Oirr, ar an bpóstaer.

Tá na póstaeir ar díol anois ar Inis Oirr agus i gCathair na Gaillimhe.

Choimisiúnaigh Áras Éanna Ionad Ealaíne 21 ealaíontóir chun 21 curach cruach agus canbhás a phéinteáil nó a mhaisiú le haghaidh taispeántas amuigh faoin aer a bhí ar siúl ar fud Inis Oirr an samhradh seo.

An póstaer cuimhneacháin speisialta

Ba iad na healaíontóirí ar tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ná Dolores Lyne, Alannah Robins, Naoise Sheridan, Áine Philips, Sean O Flaithearta, Margot Quinn, Pat Quinn, Ger Sweeney, Mick O’Dea, Kathleen Furey, Jennifer Cunnigham agus Tim Acheson, Dara McGee, Breda Burns, John Behan RHA, Sadia Shoaib, Daniel Coleman, Sean Cathal O Coileán, Tom Meskell, Jay Murphy, Cathal McGinely, agus Deirdre McKenna.

Thug Uachtarán OÉ Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh, cuireadh ansin d’Aras Éanna an taispeántas a bhogadh go dtí an Cearnóg ag OÉ Gaillimh d’Oíche Cultúir, chun tús comhpháirtíocht nua idir Áras Éanna agus OÉ Gaillimh a cheiliúradh.

Tá 20 de na curacha ar taispeáint ag an gCearnóg in OÉ Gaillimh go dtí an 10 Deireadh Fómhair.

Tá an 21ú curach, le Kathleen Furey, atá lonnaithe in Uachtar Ard, ar taispeáint taobh istigh d’Ardeaglais na Gaillimhe. Phéinteáil Kathleen ómós d’fhuinneog gloine dhaite le Harry Clarke, a raibh nasc láidir aige le hOileáin Árann.

Dolores Lyne ag OÉ Gaillimh ar Oiche Chultúir. Grianghraf le Ciaran Tierney.

Is féidir póstaer ‘Curacha’ a phiocadh suas ag Siopa Leabhar Charlie Byrne, Middle Street, agus The Old Sea Dog, Cross Street, i gCathair na Gaillimhe.

Tá na póstaeir ar díol ag Siopa XL agus Comhar Caomhán ar an oileán freisin.

Ina theannta sin, tá tuáille tae iontach deartha ag duine de na healaíontóirí, Dolores Lyne, bunaithe ar a currach péinteáilte le lámh. Tá na tuáillí tae ar díol ag The Old Sea Dog, ag 11 Cross Street, i gCathair na Gaillimhe.

 

Cuid de na healaíontóirí ag seoladh ‘Curacha’ in OÉ Gaillimh. Grianghraf le Ciaran Tierney.

 

  • Focail le Ciaran Tierney

Léigh tuilleadh faoin taispeántas ‘Curacha’ anseo:

https://aras-eanna.ie/ta-na-curacha-tar-eis-bogadh-go-gaillimh/