Deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2024

Deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2024

Tá áthas ar Áras Éanna deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe a fhógairt do 2024.

Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, atá suite ar Inis Oírr, oileán beag Gaeltachta, i gContae na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóirí Cónaithe. Cuirimid an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí chun a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin seo, a bhfuil daonra faoi bhun 300 duine ann.

Fáiltímid roimh iarratais ó ealaíontóirí teacht agus cónaí ar Inis Oírr chun a gcleachtas a fhorbairt. Tá suas le deich gcónaitheacht á chur ar fáil gach bliain. Cuimsíonn gach cónaitheacht árasán príobháideach ar an láthair, stiúideo féinchuimsitheach, rochtain ar ár ngailearaithe agus ar ár n-amharclann.  Íocfar táille leis an t-iarratasóir a n-éireoidh leis nó léi.

Chun iarratas a dhéanamh seol na nith seo a leanas:

  1. C.V.
  2. Cur síos ar do thionscadal oibre beartaithe
  3. Samplaí oibre (Jpeg/links/MP3’s etc.) agus aon cháipéisíocht tacaíochta ábhartha eile.

Seol an t-iarratas chuig: GlaochOscailte@aras-eanna.ie

 Dáta deiridh d’iarratais: 5pm Déardaoin 31ú Lúnasa 2023