Glaoch Oscailte Áras Éanna 2025

 

Glao Oscailte Ionad Ealaíon Áras Éanna 2025

Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, lonnaithe ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr i gCo. na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóir Cónaithe. Cuirtear an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin seo, ina bhfuil daonra de thart ar 300 duine.

Tá Áras Éanna ag fáiltiú ealaíontóirí ar cónaitheachtaí go hInis Oírr le breis agus scór bliain. Is iontach álainn é an oileán seo atá lonnaithe ar chósta iarthar na hÉireann san aigéan Atlantach. Is áit inspioráide í le paistí de gharraithe, ballaí cloiche, spéartha drámatúla an Atlantaigh, i measc pobal Gaeltachta Inis Oírr.

Tá Áras Éanna ag tabhairt cuireadh d’iarratasóirí cur isteach ar chónaitheachtaí ar Inis Oírr don bhliain 2025. Déanfar cónaitheachtaí a thairiscint dóibh sin a n-éireoidh leo do dhátaí a shocróidh an bord roghnúcháin. Ritheann na cónaitheachtaí seo den Ghlao Oscailte ó mhí Eanáir go mí Bealtaine agus ó Mheán Fómhair go Nollaig. Fáiltímid roimh ealaíontóirí ag gach céim dá saol gairmiúil ón té atá ag teacht chun cinn go h-ealaíontóirí aitheanta.  Is féidir le tréimhse na cónaitheachtaí a bheith idir coicís agus mí agus soláthróidh Áras Éanna turais fillte ar an mbád farantóireachta go hInis Oírr, chomh maith le lóistín, spás stiúideo agus stipinn a shocrófar le linn an phróisis roghnúcháin. Déanaimid iarracht freastal ar gach foirm d’ealaíon ach tá srianta áirithe ann de bharr nach bhfuil áith chriadóireachta againn ná stiúideo atá sách fairsing do dhealbhóireachta ar scála mór.

 

Cuir na nithe seo a leanas ar fáil mar d’iarratas:

Ainm, Sloinne, Ríomhphost, Uimhir teileafón

CV

Samplaí oibre: (5 shampla ar a mhéad : Formáid comhaid: jpeg, MP3, PDF, Word, Is féidir físeáin/obair ar líne a chur trí nasc ar doiciméad Word nó PDF. Is é 6 MB an
t-uasmhéid do chomhad amháin)

Litir chlúdaigh (tabhair breac-chuntas ar a bhfuil beartaithe agat oibriú air agus tú ar do chónaíocht (500 focal ar a mhéad)

Aon riachtanas speisialta

Seol d’iarratas ar ríomhphost chuig glaochoscailte@aras-eanna.ie agus cuir Glao Oscailte Áras Éanna 2025 i líne an ábhair.

Spriocdháta: Dé hAoine 30ú Lúnasa ag 5 i.n.

Beidh an próiseas roghnúcháin ar siúl i Meán Fómhair 2024 agus cuirfear iarratasóirí rathúla ar an eolas i mí Dheireadh Fómhair 2024

 

Photo credits: Dragana Kojicic & Cormac Coyne