Dabhach Bhríde’– ar bhád go hInis Oírr – Taispeántas Oilithrigh

Dabhach Bhríde’– ar bhád go hInis Oírr – Taispeántas Oilithrigh

Beidh an taispeántas seo le saothair Frances Bermingham agus Mary Fahy ar siúl i nGailearaí Áras Éanna ó 3-23 Meitheamh 2023

Tá ceangal oilithrigh ar tír agus ar muir le tobar Naomh Bríd/ Dabhach Bhríde i Lios Ceannúir, Co. an Chláir ag muintir Oileáin Árann (Inis Oírr agus Inis Meáin) a thug cuairt ar an tobar seo go traidisiúnta chuile bhliain ar an 14ú Lúnasa ag déanamh an turas trasna ar bhád. Bhí siad dílis don tobar seo ar a thugtar Dabhach Bhríde.

Tá sé oiriúnach don ‘taispeántas oilithrigh’ seo an t-aistear a thabhairt ar ais go hInis Oírr agus an ceangal seo agus an chuimhne shóisialta go dtí an tobar don dá phobal cósta a athbhúnú.

Sa taispeántas seo tá sraith de phictiúirí ola ar chanbhás agus iad frámailte le Mary Fahy chomh maith le déantáin, réada agus nithe éagsúla inchaite le Frances Bermingham. Fiosraíonn siad traidisiúin thurais oilithrigh, cuimhne, dath agus cruth, agus nósanna a bhaineann le caillteanais agus cuimhneacháin, bás agus meath. Tá siad tógtha leis an mbrí a thugtar do na réada seo le himeacht ama.