Nowhere to Hide at Sea

Nowhere to Hide at Sea

Mick Mulcahy

Nochtfaidh duine de na healaíontóirí léiritheacha is cáiliúla in Éirinn, Mick Mulcahy, amharc siar ar a shaothar – agus pictiúir nua ó chónaitheacht ar Inis Oirr le déanaí – i ngailearaí ealaíne Áras Éanna ón Aoine 8ú Iúil, go dtí an Domhnach, 31ú Iúil, 2022.

Ba é Mulcahy an chéad ealaíontóir riamh a chuir taispeántas ar siúl san fhoirgneamh ina bhfuil an t-ionad ealaíne is faide siar san Eoraip faoi láthair.

Tar éis geimhreadh a chaitheamh ar Inis Oirr ag deireadh na 1980idí, spreag a chuid ama ar an oileán Mick a chuid oibre a thaispeáint sa sean-mhonarcha fíodóireachta nach raibh in úsáid ag an am.

Tháinig Mick ar ais go hInis Oirr nuair a cheiliúir Áras Éanna a 21ú breithlá i mí Iúil 2021 agus, mar thoradh ar an gcuairt sin, tugadh cuireadh dó mí a chaitheamh ina chónaí inár stiúideo.

Osclaíonn an taispeántas is déanaí de chuid Mulcahy, dar teideal Nowhere to Hide at Sea, ag 8in ar an 8ú Iúil (Dé hAoine) agus beidh sé ar siúl go dtí an 31ú Iúil. Tá Mick ag ceiliúradh a 70ú breithlá i mbliana freisin.

Deir stiúrthóir ealaíne Áras Éanna, Dara McGee, go bhféadfadh nach mbeadh an t-ionad ealaíon ann gan Mick Mulcahy. Tá lúcháir air fáilte a chur roimh Mick ar ais chuig an oileán le haghaidh taispeántas samhraidh dá shaothar.

“Tá nasc iontach ag Mick leis an oileán agus tháinig sé ar ais chun mí a chaitheamh anseo ar chónaitheacht i mí Feabhra na bliana seo, ag ullmhú oibre don taispeántas seo agus do thaispeántas siarghabhálach a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath níos déanaí. Tá an-áthas orainn go bhfuil Mick anseo. Is carachtar lasrach, ildaite é agus is féidir é sin a fheiceáil ina shaothar ealaíne.”