Tarraing é i nGaeilge – Seoladh 7 Deireadh Fómhair ag 7pm

Tarraing é i nGaeilge – Seoladh 7 Deireadh Fómhair ag 7pm

Seo ár gcúigiú bliain ag cuir fáilte roimh Fhéile Chartún na Gaillimhe. Cé go bhfuil an fhéile scaipthe ar fud chathair na Gaillimhe, bíonn an taispeántas ‘Tarraing i nGaeilge é’ againn gach bliain, sraith iontach de chuile stíl de chartúin trí Ghaeilge. Tugann go leor cartúnóirí náisiúnta agus Idirnáisiúnta cuairt ar Inis Oírr agus meascann siad leis an bpobal sna siopaí agus sna tithe tábhairne ag spreagadh daoine a dhul a tarraingt agus fiú amháin déantar siogphictiúir de dhaoine saor in aisce. Mar chuid de chomhpháirtíocht Áras Éanna le Féile Cartún na Gaillimhe cuireann muid tréimhse cónaitheachta ar fáil d’ealaíontóirí...

Cúirt Cheoil na mBan 4-6 Deireadh Fómhair

Cúirt Cheoil na mBan 4-6 Deireadh Fómhair

Cúirt Cheoil na mBan – Féile cheoil traidisiúnta na hÉireann ag ceiliúradh amhránaithe, rinceoirí agus ceoltóirí ban & neamh-dhénártha do phobail Inis Oírr agus Inis Meáin. 4ú, 5ú & 6ú Deireadh Fómhair, 2024 Ar cuireadh tús leis mar imeacht don Oíche Chultúir in 2022, tá Cúirt Cheoil na mBan anois ina fhéile 3 lá a tharlaíonn ag deireadh shéasúr na turasóireachta ar dhá cheann d’Oileáin Árann. Cuireann an fhéile Ghaeilge seo béim ar ceoltóirí traidisiúnta mná agus neamh-dhénártha agus tá sé mar aidhm againn na hoíche sóisialta traidisiúnta a d’óstáil daoine ina dtithe fadó a athbheochan. Cuirfidh daoine ar an dá oileán...

CEANT BODHRÁN@ÁRASÉANNA

CEANT BODHRÁN@ÁRASÉANNA

Déanann taispeántas samhraidh Áras Éanna ceiliúradh ar an mbodhrán. Tá  ‘Craiceann’ scoil samhraidh na mbodhrán 21 bliain ar an bhfód i mbliana. Bíonn Craiceann á óstáil ag Áras Éanna gach bliain agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an 21ú breithlá, tá taispeántas iontach éagsúil den bhodhrán umhal curtha ar siúl acu. Fuair fiche ceoltóir atá ina n-amharcealaíontóirí thar a bheith cumasach bodhrán déanta as canbhás a coimisiúnaíodh go speisialta agus déanta ag an sár-cheardaí cumasach Bill Wright. Bhí saoirse ag gach ealaíontóir iad féin a chur in iúl trí shaothar ealaíne a chruthú ar an gcanbhás. Tá na bodhrán lámhdhéanta...

Preas Raiteas maidir le BODHRÁN @ Áras Éanna. Taispeántas

Preas Raiteas maidir le BODHRÁN @ Áras Éanna. Taispeántas

Tá ‘Craiceann’ – scoil samhraidh bodhrán Inis Oírr tar éis 21 bliain ar an bhfód a cheiliúradh lena dteacht le chéile bliantúil ón 24 –28 Meitheamh, 2024. Ó bunaíodh an scoil samhraidh, bhí sé ar siúl in Ionad Ealaíon Áras Éanna ar Inis Oírr. Glacann lucht seinnte bodhrán, idir tosaitheoirí agus ceoltóirí cumasacha, páirt i ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha, imeachtaí agus ar ndóigh sna seisiúin a bhíonn sna hóstáin agus tithe tábhairne áitiúla gach tráthnóna. Tagann na rannpháirtithe ó áiteanna ar fud an domhain chun freastal ar an scoil samhraidh an-speisialta seo. Mar cheiliúradh ar an scoil samhraidh ‘Craiceann’, choimisiúnaigh Ionad...

Glaoch Oscailte Áras Éanna 2025

  Glao Oscailte Ionad Ealaíon Áras Éanna 2025 Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, lonnaithe ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr i gCo. na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóir Cónaithe. Cuirtear an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin seo, ina bhfuil daonra de thart ar 300 duine. Tá Áras Éanna ag fáiltiú ealaíontóirí ar cónaitheachtaí go hInis Oírr le breis agus scór bliain. Is iontach álainn é an oileán seo atá lonnaithe ar chósta iarthar...

Gloach Oscailte d’Ealaíontóirí i gContae na Gaillimhe

Gloach Oscailte d’Ealaíontóirí i gContae na Gaillimhe

Tá ríméad ar Áras Éanna agus Oifig Ealaíon Chontae na Gaillimhe glao oscailte a fhógairt d’ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe chun iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht in Áras Éanna i Mí  Bealtaine. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, atá suite ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr i gCo na Gaillimhe.   Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóirí Cónaithe. Cuirimid an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí chun a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin seo, a bhfuil daonra de bheagán ós cionn 300 duine ann. Is...

Cuireadh chun Tairisceana le haghaidh Meastóireacht Sheachtrach Neamhspleách

Cuireadh chun Tairisceana le haghaidh Meastóireacht Sheachtrach Neamhspleách

Tá tairiscintí á lorg ag Áras Éanna ó dhaoine aonair nó ó eagraíochtaí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu chun meastóireacht sheachtrach neamhspleách a dhéanamh ar an gclár píolótach: AIR on the Edge – Clár Cónaitheachta Idirnáisiúnta d’Ealaíontóirí. Tuilleadh eolais anseo:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/10/External-Evaluator-Call-out.docx    

‘AIR on the Edge’

‘AIR on the Edge’

Glaoch Oscailte: Is éard atá i gceist le ‘AIR on the Edge’ ná malartú cónaitheachtaí idirnáisiúnta ar feadh míosa d’ealaíontóirí, idir an Danmhairg, an Fhionlainn, Éire, an Ísiltír agus an tSeirbia. Díríonn an scéim ar fhorbairt ghairmiúil na n-ealaíontóirí, ag cur deiseanna ar fáil dóibh oibriú le pobail thuaithe agus nascadh le heagraíochtaí óstacha, pobail, dúlra, oidhreacht agus tírdhreacha cultúrtha i gcathracha agus áiteanna tuaithe éagsúla. Tá gairmithe cruthaitheacha a chónaíonn nó a oibríonn i gContae na Gaillimhe  (Éire)  Fryslan (An Ísiltír), Novi Sad (An tSeirbia), Pirkanmaa (An Fhionlainn) nó Ringkøbing-Skjern (An Danmhairg) incháilithe agus fáilte rompu iarratas a dhéanamh...

Deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2024

Deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2024

Tá áthas ar Áras Éanna deiseanna d’Ealaíontóirí Cónaithe a fhógairt do 2024. Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, atá suite ar Inis Oírr, oileán beag Gaeltachta, i gContae na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóirí Cónaithe. Cuirimid an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí chun a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin seo, a bhfuil daonra faoi bhun 300 duine ann. Fáiltímid roimh iarratais ó ealaíontóirí teacht agus cónaí ar Inis Oírr chun a gcleachtas a fhorbairt. Tá suas le deich gcónaitheacht á...

  • 1
  • 2
  • 8