Preas Raiteas maidir le BODHRÁN @ Áras Éanna. Taispeántas
Tá ‘Craiceann’ – scoil samhraidh bodhrán Inis Oírr tar éis 21 bliain ar an bhfód a cheiliúradh lena dteacht le chéile bliantúil ón 24 –28 Meitheamh, 2024. Ó bunaíodh an scoil samhraidh, bhí sé ar siúl in Ionad Ealaíon Áras Éanna ar Inis Oírr. Glacann lucht seinnte bodhrán, idir tosaitheoirí agus ceoltóirí cumasacha, páirt i ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha, imeachtaí agus ar ndóigh sna seisiúin a bhíonn sna hóstáin agus tithe tábhairne áitiúla gach tráthnóna. Tagann na rannpháirtithe ó áiteanna ar fud an domhain chun freastal ar an scoil samhraidh an-speisialta seo. Mar cheiliúradh ar an scoil samhraidh ‘Craiceann’, choimisiúnaigh Ionad Ealaíon Áras Éanna an déantóir bodhrán, Bill Wright, chun 20 bodhrán le craiceann canbháis ealaíontóra a dhéanamh, agus sheol muid iad chuig ealaíontóirí agus grúpaí ealaíne lena n-ealaín chruthaitheach féin a phéinteáil orthu. Ba é an t-aon chritéar a bhí ann do na healaíontóirí ná go gcaithfeadh siad a bheith ina gceoltóirí freisin. Roghnaíodh meascán ealaíontóirí, ina measc – ceoltóirí aitheanta, ceoltóirí seisiún, mic léinn scoile agus grúpa ceoil le riachtanais speisialta. Tá réimse iontach stíleanna sa taispeántas agus tá na bodhráin/saothair ealaíne ar taispeáint sa ghailearaí ar leagan amach a dhear Dara McGee, stiúrthóir Áras Éanna.
Seolfar an taispeántas go hoifigiúil ag 1 i.n. ar an 3ú Iúil agus beidh sé ar siúl ón 2 Iúil go 31 Lúnasa.
Beidh an gailearaí ar oscailt ón Máirt go Domhnach 11r.n. – 4 i.n. (Dúnta ar an
Luan)
Cuirfear na bodhráin ar ceant ina dhiaidh sin agus úsáidfear an t-airgead
chun leabharlann uirlisí ceoil a bhunú in Ionad Ealaíon Áras Éanna.
Beidh na sonraí faoin gceant ar fáil ar aras-eanna.ie ag tús mhí Iúil.