An t-Earrach Thiar – Féile an Phobail, Inis Oírr

An tAsal Uaigneach, Seó puipéad curtha ar stáitse ag Scoil Naisiúnta Naohm Caomhán faoi stiúir Des Dillon. Taispeántas ealaíne saothar ranga ealaíne Inis Oírr Taispeántas grianghrafadóireachta saothar Club Ceamra Inis Oírr Ceol Inis Oírr – seisiún ceoil

Free

FRESH STREET#3

tabharfaidh 250 toscaire Idirnáisiúnta cuairt lae ar Inis Oírr do shraith imeachtaí suíomhoiriúnaithe a bheidh ar bun thart timpeall an oileáin.

Free

Are you there Una?

ARE YOU THERE UNA? le Elaine Mears á chur i láthair ag Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe

Grúpa Fear CFP An Chloigín Ghoirm

Oíche amhránaíochta, scéalaíochta, filíochta agus drámaíochta ó Ghrúpa Fear CFP An Chloigín Ghoirm. Saorchead isteach/ Fáilte roimh chách.

Free

Na Eskies

Cuirfidh na Eskies radharc giodalach ar stáitse in Inis Oírr lena gcuid ceoil ardfhuinnimh, ceol tíre noir/ snagcheol giofógach/ rabhcán muirí. 

NA MURPHY BEDS (SÁ) Na Seisiúin Caife 

Beidh amhráin traidisiúnta agus seanamhráin á gcasadh ag na Murphy Beds (Jefferson Hamer agus Eamon O’Leary) agus iad ag cur comhcheol agus ceol ealaíonta uirlise ar an bouzouki, giotár agus maindilín leis. Tá seisiúin déanta acu i bpáirt le healaíontóirí as réimse leathan den cheol tíre ina measc Beth Orton, Bonnie ‘Prince’ Billy, Anais Mitchell, agus Sam Amidon

€10

Maria Somerville & Bannna

Filleann Maria Somerville, Iar-Ealaíontóir Cónaithe (2018), ar Inis Oírr.

Seán Ó Coistealbha

Tráthnóna filíochta agus scéalaíochta leis an bhfile, an scéalaí agus an t-aisteoir iomráiteach seo.

€10

Thomas McCarthy

Amhránaí na Bliana Ghradam Cheoil TG4 2019.

NA CONIFERS – Mar chuid de Chraiceann- scoil samhraidh na mBodhrán

Cúigear ceoltóirí óga iad na Conifers agus cúlra láidir ceoil acu uilig. Casann siad ceol fuinniúil bríomhar le fuaim chroíúil agus féachann siad leis an gceol traidisiúnta de bhunú an Chláir, Shliabh Luachra agus Dhún na nGall a choinneáil suas. Feictear é seo freisin sa réimse amhrán Gaeilge agus Béarla atá acu. Cead Isteach: 8.30i.n.

Before

Fishamble: Cuireann An Compántas Nua Drámaíochta an dráma BEFORE ar stáitse. Dráma nua le neart ceoil le Pat Kinevane

GERRY TOM Ó MURCHÚ & CAIRDE

Seinneann an grúpa meascán mór ceoil agus amhráin iontacha i stíleanna éagsúla, amhráin Ghaeilge den chuid is mó, cinn traidisiúnta agus nua.

€10

MOUSE MCHUGH & JOE WALDRON – Na Seisiúin Chaife

Bí réidh don tsiamsaíocht ó Mouse McHugh, ceoltóir as baile Thuama a chas leo seo a leanas- Timber Tramps, Too Much for the Whiteman, The Midnight Cowboys, Saw Doctors & Na Lounge Lizards. Casann sé meascán stíleanna ina bhealach féin. Ina chuideachta beidh Joe Waldron, seinnteoir giotáir den scoth, as Cloughanover, Áth Cinn. Rifeanna, líocha...

€10

The Unwanted

Cathy Jordan, Rick Epping & Seamie O’Dowd- triúr ceoltóir den scoth a bhfuil a saol tugtha don cheol acu. Gig iontach a bheidh anseo le traidisiúin shaibhre ceoil ó dhá thaobh an Atlantaigh á sheinm acu.

€15 – €20

The Raines – Na Seisiúin Caife

Chas na Raines le chéile in Inis Oírr anuraidh, Ruth Dillon a bhíonn ag canadh, ag casadh an ghiotáir, Yvonne Tiernan a bhíonn ag canadh, ag casadh an ghiotáir & ucailéile agus Juliana Erkkonen a bhíonn ar an bhfidil, agus tá siad ag filleadh arís ar an oileán lena n-amhráin ceol tíre a roinnt linn,...

€10

OSCAILT THAISPEÁNTAS MARGOT QUINN 

Taispeántas d’obair Margot faoi ghnáthrudaí laethúla agus d’fhéadfadh rud ar bith a bheith ann ó charnán soithigh le níochán go mainicíní ait nó ceannlíne nuachtáin. 

PAT QUINN & A CHAIRDE

Pat Quinn ar ais arís do cheolchoirm eile a dhíolfaidh amach gan aon dabht. Cónaíonn Pat in Inis Oírr, amhránaí/scríbhneoir amhrán le tallann iontach agus is minic a scríobhann sé amhráin bharúla le meascán téamaí ó fhataí go piongainí go Angelina Jolie. Thaifead Christy Moore leagan d’amhrán Phat ‘Lingo Politico’ dá albam is deireanaí.

€15 – €20

AN BHEIRT PHÁDRAIG THE TWO PATS – PAT MCCABE & PAT QUINN

Seo seans annamh agus iontach leis an DÁ PHÁDRAIG, sin iad na deartháireacha cleamhnais- an scríbhneoir Pat McCabe agus an t-amhránaí/scríbhneoir amhrán as Inis Oírr Pat Quinn, a chloisteáil ag caint, ag canadh is ag ceol. I measc na bpíosaí a bhéas acu beidh

€15 – €20

MOUSE MCHUGH & JOE WALDRON – Na Seisiúin Chaife

Bí réidh don tsiamsaíocht ó Mouse McHugh, ceoltóir as baile Thuama a chas leo seo a leanas- Timber Tramps, Too Much for the Whiteman, The Midnight Cowboys, Saw Doctors & Na Lounge Lizards. Casann sé meascán stíleanna ina bhealach féin. Ina chuideachta beidh Joe Waldron, seinnteoir giotáir den scoth, as Cloughanover, Áth Cinn. Rifeanna, líocha...

€10

Polcaphonc – Ceolchoirm do pháistí le Doiminic Mac Ghiolla Bhríde.  

Casfaidh Doiminic amhráin as a leabhar ‘POLCAPHONC’, leabhar nua amhráin Ghaeilge breá bríomhara do pháistí. Fiche amhrán nuachumtha do pháistí atá sa leabhar seo, faoi dhamhán alla santach, taibhse cairdiúil, páistí ag sábháil an domhain agus eachtrannach ón spás le suim thar cuimse i bhfaisean, go háirid in éadaí le polcaphoncanna.

€5