- This event has passed.
FRESH STREET#3
Bealtaine 23, 2019
FreeFRESH STREET#3 — Seimineár Idirnáisiúnta maidir le Forbairt Ealaín Sráide eagraithe idir Circostrada (An Líonra Eorpach Sorcais agus Ealaín Sráide) agus ARTCENA (Ionad Acmhainne Náisiúnta na Fraince d’Ealaín Sráide, Amharclannaíocht agus Sorcas) i gcomhpháirt le Gaillimh 2020 agus ISACS (An Líonra Éireannach Ealaín Sráide, Sorcais agus Radhairc).
Mar chuid de FRESH STREET#3 tabharfaidh 250 toscaire Idirnáisiúnta cuairt lae ar Inis Oírr do shraith imeachtaí suíomhoiriúnaithe a bheidh ar bun thart timpeall an oileáin. Ina measc seo beidh obair ealaíne ag Caisleán Uí Bhriain le Deana Kolenčíková (Poblacht na Seice/An tSlóvaic) bunaithe ar chuimhní a bhailigh sí ó mhuintir na háite an dá lá a chaith sí san áit.
In áit i ngar do Thobar Éanna taispeánfaidh ealaíontóirí cónaithe Áras Éanna, an bheirt lámhchleasaí Kate Boschetti agus Liam Wilson (ón Iodáil/Albain) an obair bunaithe ar Inis Oírr atá idir lámha acusan. (3-4i.n.)
Is i ngar do Tigh Ned a bheidh an píosa deireanach le feiceáil (6-7 i.n.). ‘Remnants’ leis an gcuideachta as Gaillimh ‘Turas Theatre Collective’. Píosa le mothúcháin dhoimhne faoi imirce agus aistir.
Tá súil againn go mbeidh sibh ina dteannta ar a dturas timpeall oileán gleoite Inis Oírr.
Breis sonraí ar www.isacs.ie
Leave a Reply
You must be logged in to post a comment.