
- This event has passed.
Thomas McCarthy
Meitheamh 22, 2019 @ 8:30 pm - 10:30 pm

Amhránaí na Bliana Ghradam Cheoil TG4 2019.
Ceann de na guthanna is spreagúla agus is croíúla inniu, sheasfá sa sneachta ag éisteacht le Thomas ag rá amhrán. Is ó theaghlach aitheanta ceolmhar de chuid Lucht Siúil na hÉireann é Thomas, dream a choinnigh suas traidisiún na hamhránaíochta. Is garmhac é le seanchaí cáiliúil agus d’fhás sé suas ag éisteacht le hamhránaíocht a mháthar nach maireann, a hathair siúd agus aintíní agus uncailí. Is gníomhaí díocasach freisin é McCarthy ar son a dhream agus is ambasadóir é d’amhránaíocht agus d’amhráin an lucht siúil.