- This event has passed.
OSCAILT THAISPEÁNTAS MARGOT QUINN
Lúnasa 2, 2019 @ 8:30 pm
Taispeántas d’obair Margot faoi ghnáthrudaí laethúla agus d’fhéadfadh rud ar bith a bheith ann ó charnán soithigh le níochán go mainicíní ait nó ceannlíne nuachtáin.
Is amharc-ealaíontóir Éireannach í Margot agus tá sí lonnaithe i gCo. Liatroma. I 1995 chríochnaigh sí céim mínealaíne in Ollscoil Guildhall i Londain agus tá sí ag obair go lánaimseartha faoi láthair as a siopa/stiúideo i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma. Bhí a saothar ar taispeáint i go leor seónna grúpa in Éirinn agus sa R.A. agus bhí 9 dtaispeántas dá cuid féin aici. Is deirfiúr í leis an gceoltóir cáiliúil Pat Quinn atá lonnaithe in Inis Oírr ar dhéan Christy Moore taifead ar a amhrán ‘I hate politicians.’
Leave a Reply
You must be logged in to post a comment.