Deis iontach d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht

Deis iontach d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht

Grianghraf le Cormac Coyne

 

Tá ríméad ar Áras Éanna dhá chónaitheacht ealaíontóra a fhógairt ar an oileán álainn, Inis Oirr, go luath an bhliain seo chugainn.

Beidh an dá chónaitheacht seo ag tarlú idir 30 Eanáir agus 12 Márta, 2022 (cónaitheacht sé seachtainí) oscailte d’ealaíontóirí atá lonnaithe sa Ghaeltacht, ó aon réimse ealaíona.

Cuirfidh Áras Éanna cóiríocht ar fáil i dteach na n-ealaíontóirí ar an oileán agus spás stiúideo in ionad ealaíon Aras Éanna.

Grianghraf le Cormac Coyne

Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, suite ar oileán álainn Gaeltachta Inis Oirr. Rinne an t-ionad ceiliúradh bliain is fiche ar an bhfód i 2021.

San áireamh sa chónaitheacht seo tá:

  • Ticéad fillte bád farantóireachta ó Ros an Mhíl (Co na Gaillimhe)

  • Stipín de € 2,750 do gach ealaíontóir.

  • Trealamh Aras Éanna a úsáid chun obair a dhoiciméadú (Ceamara / físeán / fuaim)

  • Poiblíocht agus blaganna ar ardáin líonra sóisialta Áras Éanna agus Ealaín na Gaeltachta.

Chun iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht, cuir an méid seo a leanas ar aghaidh chuig araseanna@gmail.com

* Togra na hoibre a bhfuil súil agat a dhéanamh agus tú ar an gcónaitheacht seo
* Samplaí oibre (Jpegs / MP3s / scripteanna)
* Do CV
* Aon doiciméadacht tacaíochta eile

Is é Dé hAoine, 3 Nollaig an dáta deiridh d’iarratais.
Tabharfar fógra do na hiarrthóirí rathúla seachtain ina dhiaidh sin, Dé hAoine, 10 Nollaig.

Maoinithe le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta, maoiniú a cuireadh ar fáil d’ealaíontóití  i rith géarchéim Covid.

Grianghraf le Ciarán Tierney