“Bhí laethanta is oícheanta áirithe ann nuair a cheap mé go raibh an t-oileán ar fad ag crith faoi mo chosa,” a deir Philip Fogarty agus é ag machnamh ar an am a chaith sé ar chónaitheacht ag Áras Éanna, Inis Oírr, i dtús na bliana. “Bhí tonnta na stoirmeacha chomh cumhachtach sin go raibh an tsíorbhúireach seo ag teacht thar an gcnoc ón gcladach thiar theas.” Admhaíonn sé, áfach, gur dócha gur toradh a dhearcadh féin mar cheoltóir agus ealaíontóir fuaime/ilmheán a leithéid de smaoineamh. “Leanann sé mar sin go mbeinn ag faire amach ar na bealaí a mbíonn tionchar ag cúrsaí fuaime ar ghnáthshaol an duine, agus leis an méid sin gleo ar siúl ar ndóigh bhí mé ann agus cluas le talamh agam, beagnach, thart ar Chill Ghobnait, níos mó ná míle ón gcladach sin, agus mé ag iarraidh a dhéanamh amach an bhféadfainn an tonnchrith a chloisteáil. Chuirfinn geall ar sheismeagraf go bhfeicfí rud air.”
An rud a chuaigh i bhfeidhm ar an bhFógartach a luaithe a leag sé cos ar an oileán ná cruth na mballaí cloiche ann, díreach tar éis an tslada a rinne Stoirm Éowyn i mí Eanáir ar bhallaí is ar thithe ar fud na tíre – chonacthas dó nach raibh Éowyn tar éis cur isteach ar na claíocha seo beag ná mór. “Thug sé sin ábhar machnaimh dom,” ar seisean. “Ina lán cásanna, má ghabhaimid chuig tobar na hoidhreachta, seans maith go bhfuil an cur chuige is an t-eolas againn ann cheana féin chun dul i ngleic le dúshláin an lae inniu. Is é díreach mar a dúirt Lillis Ó Laoire – ní drochrud ann féin an nuálaíocht, ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar na scileanna is ar na cleachtaí atá againn cheana féin más mian linn brú ar aghaidh – ceapaim gur féidir an fheasacht cultúir an scála a iompú inár bhfabhar.”

Ba é seo an túsphointe a bhí aige dá thréimhse ar an oileán, agus níorbh fhada go raibh sé in ann nasc a dhéanamh, ar chaoi éigin ar aon nós, leis an saol ann. “Ag an am sin den bhliain, lár mhí Feabhra, is beag atá idir tú fhéin agus an áit is an pobal agus an chaoi a bhfuil. Ní raibh ann ach na neacha beo, muidne ina measc; an dúiche, an geimhreadh, agus farraige an Atlantaigh Thuaidh.”
Mar sin féin, ní raibh mórán taithí ag an bFógartach ar a leithéid de chomhthéacs, agus é ag luí isteach ar a chuid oibre, cé nach rófhada a thaisteal sé go hInis Oírr – is as an gClár ó dhúchas é, agus cónaí anois air i mBóthar na Trá. Ach is scéal eile ar fad é an saol ar oileán. “Cuireann sé i gcuimhne dom an seandán sin le Rachel Field. Is ón mórthír mé, agus bhí orm teacht isteach ar chúrsaí. Abair, cuir i gcás, go bhfuil uirlis ar leith in easnamh ort, ach más mian leat bogadh ar aghaidh lena bhfuil idir lámha agat, seachas bheith ag fanacht go dtí go dtagann sí isteach ar an mbád, beidh sceach i mbéal bearna ag teastáil uait agus ní mór duit teacht uirthi.”

Le linn na cónaitheachta ba théama ar leith leis an bhFógartach ina chuid oibre an cheist thuasluaite, mar atá, an fheasacht cultúir mar shaintréith mhaireachtála. Chuir sé colláisí fuaime is físe le chéile mar chúnamh dó féin agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an mbrí a ghabhann le tuiscint áite ar leibhéal an duine agus an nasc a bhíonn ann leis an dúlra. “Minic an rud a bhíonn i gceist leis an bpróiseas ná smaoineamh os ard, mar a déarfá; gineann tú píosaí, agus bíonn tú ag súil go labhróidís ar ais, go dtabharfaidís leideanna éigin duit maidir leis na chéad chéimeanna eile.”
Gabhann an méid seo leis an obair a mbíonn ar siúl aige faoi láthair i réimse na n-ilmheán is na hidirghníomhaíochta, agus é mar rún aige talamh nua a bhriseadh i dtaobh chumadh an cheoil agus i dtaobh na rannpháirtíochta san ealaín. Díríonn a chuid oibre ar chruthú spáis a mbíonn an pobal ina ngníomhaithe ealaíne istigh ann. “Saghas meascáin idir ceolchoirm agus suiteán ealaíne a bhíonn i gceist,” a deir sé. “Ba mhaith liom daoine a tharraingt isteach mar rannpháirtithe, agus an ‘ceathrú balla’ a bhriseadh idir an píosa is na daoine; éiríonn an rud go léir i bhfad níos dírí. Roimh ré na meán cumarsáide, ní bhíodh difríocht chomh mór sin idir na hoirfidigh agus an lucht éisteachta. Is maith an rud é dar liom más féidir liom saothar a chruthú a bhfuil ar a chumas aige an nasc sin a thógáil.”

Sa chur chuige seo baintear leas as fuaim is fís réamhthaifeadta taobh le ceol is íomhánna beoghinte, agus bunaítear iompar an spáis ar ghluaiseachtaí is ar fhuaimeanna na ndaoine féin, a bhuíochas ar bhraiteoirí speisialta. Ar an mbealach seo bíonn an duine tumtha sa phíosa agus é ina rannpháirtí ann, agus titeann amach de réir cinntí is claonta an duine.
“Taitníonn sé liom go mbíonn teacht ag daoine ar an bhfoirm seo ar gach leibhéal, pé duine a bhíonn i gceist, idir óg agus aosta, ó chian agus ó chóngar. Is féidir do rogha rud a dhéanamh de – machnamh, iniúchadh ar phróisis na fuaime is na físe, nó píosa spraoi amháin.”

Molann sé Áras Éanna agus na háiseanna ann go hard na spéire agus gabhann sé buíochas ach go háirithe le Dara McGee agus le hAisling Nic Craith as a gcuid tacaíochta. “Chaith mé tréimhse thar a bheith bisiúil ann. Tugadh aire den chéad scoth dom, pé rud a bhí ag teastáil uaim, bhí Dara agus Aisling ann.”
Ach ní hé gur chaith sé an t-am ar fad ag cíoradh línte ríomhchláraithe nó ag iarraidh bheith i ndlúth-theagmáil leis na clocha; bhí seisiúin cheoil ann, comhráite fánacha ar na bóithre, grúpa daltaí as Coláiste Ghobnait ar chuairt sa stiúideo. “Bhí gach uile shórt ceoil againn sna seisiúin i dTigh Ned,” a deir sé. “Bhí an-chraic againn. Tá rud éigin thar a bheith speisialta a ghabhann lena leithéid de sheisiún in áit mar sin i lár an gheimhridh. Tarlaíonn rudaí nuair nach mbíonn mórán daoine thart nach dtarlódh amanna eile den bhliain.”
Is amhlaidh an scéal agus tú ag casadh le daoine, dar leis. “Is rud an-speisialta liom i gcónaí tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Ach ní foláir níos mó ná coicís a bheith i gceist, chun cuairt i gceart a dhéanamh as. Agus tar éis tamaill, agus an áit chomh ciúin sin gan na turasóirí ann, tosaíonn na comhráite – i ngiotaí go minic, ar bhonn leanúnach thar na laethanta. Ba bheag nár éirigh le duine amháin cuain coileán a dhíol liom. Bhí sé an-mhaith, an fear céanna, níorbh fhurasta dom é a dhiúltú.”
Leigheas ar an tinneas farraige? Chonaic duine d’fhoireann an bháid go raibh bosca ceoil faoina ascaill ag an bhFógartach, agus dúirt leis cúpla port a sheinm agus iad ar an bhfarraige. Ba shin é a rinne an beart. Ní amháin sin ach de réir an lae shuigh corrdhuine de dhaoine óga ar bord síos lena ais agus a n-uirlisí féin acu. “Bheadh tuairim is trí dhreas port againn idir Inis Oírr agus Inis Meáin, agus an méid sin arís faoi thrí b’fhéidir ó Inis Meáin go Ros an Mhíl…”

“Tá Áras Éanna ríthábhachtach mar ionad,” a dhearbhaíonn an Fógartach mar fhocal scoir. “Taobh amuigh den mhéid atá á dhéanamh aige mar áis phobail ar an oileán, is eiseamláir é den chéad scoth den leas is féidir a bhaint as an gcumhacht cultúrtha a ghabhann le háit scoite. Is spreagadh as cuimse é do bhláthú na n-ealaíon ar an leibhéal is airde. Tá éacht thar na bearta déanta anseo acu. Agus ré buailte linn a bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil na healaíona ag tarraingt i gcoinne an aird, ní amháin sa tír ach ar fud an domhain, is amhlaidh go bhfuil Inis Oírr ag dul a bealach féin. Más ag lorg inspioráide atá tú, féach anseo.”
Íomhánna © 2025 Philip Fogarty
