Tairiscint speisialta don seó ‘Drawing For The Well’

Tairiscint speisialta don seó ‘Drawing For The Well’

Ar mhaith leat saoire ghearr anseo ar Inis Oirr an tseachtain seo chugainn?

Le ceol den scoth san áireamh?

Beidh ceathrar de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn linn anseo ag Áras Éanna oíche Dé Céadaoin seo chugainn (Meáin  agus tá muid ag teacht le chéile le ceann de na tithe aíochta is mó le rá in Inis Oirr chun pacáiste den scoth a thairiscint d’oíche anseo ar an oileán.

Beidh Brian Mac Gloinn (amhránaí) Laoise Kelly (cláirseach), Cormac Begley (consairtín) agus Edwina Guckian (rinceoir) linn anseo mar chuid de chamchuairt náisiúnta, buíochas le Taisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA).

Is féidir le lánúin taitneamh a bhaint as dinnéar i dTigh Ruairí tráthnóna Dé Céadaoin, ticéid chuig ceolchoirm ‘Drawing From The Well’ in Áras Éanna, oíche i seomra dúbailte, agus bricfeasta an mhaidin dár gcionn le haghaidh €150 (€75 an ceann).

Ar €85, táimid ag tairiscint an pacáiste céanna (dinnéar, ticéad don cheolchoirm, agus bricfeasta) i seomra singil.

San áireamh tá:

  • Leaba agus bricfeasta i dTigh Ruairí ar an oíche Dé Céadaoin, 14 Meán Fómhair
  • Ticéid don cheolchoirm ‘Drawing From the Well’ in Áras Éanna
  • Dinnéar ag Tigh Ruairí roimh an seó

Chun an tairiscint speisialta seo a chur in áirithe, déan teagmháil le Bronagh ag (099) 75002 agus luaigh ‘tairiscint Áras Éanna’!

Tá ticéid don seó ar fáil freisin ag: https://www.eventbrite.ie/e/drawing-from-the-well-live-at-aras-eanna-tickets-412759644207

Brian Mac Gloinn

 

Edwina Guckian

 

Cormac Begley

 

Laoise Kelly

 

An Plassey. Grianghraf le Cormac Coyne.