Ag athbheochan ‘scoil chois claí’ ag Áras Éanna

Ag athbheochan ‘scoil chois claí’ ag Áras Éanna

Tá traidisiún na “scoil chois claí” á athbheochan ar Inis Oirr an deireadh seachtaine seo nuair a bheidh féilie phoaitiúil trí lá ar siúl anseo in Áras Éanna.

Tá ‘Scoil Chois Claí’ díolta amach go hiomlán. Beidh ceardlanna, léachtaí agus díospóireachtaí ar siúl ag Áras Éanna, i mBéarla agus i nGaeilge, le ceol traidisiúnta, craic agus oícheanta amuigh i dTigh Ned, Tigh Ruairi agus Ostán Inis Oirr.

Is é athrú aeráide príomhfhócas na scoile, ach labhróidh siad freisin ar cheisteanna ar nós an choilínithe agus an brú atá á chur ar ár dteanga dhúchais ar feadh an trí la.

Tá an bealach ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid gach lá ar an oileán ar cheann de na príomhchúiseanna gur roghnaigh Left Block Inis Oirr don fhéile.

Is iad ceardchumannaithe na heite clé den chuid is mó a bheidh i láthair, go leor acu ag taisteal go hInis Oirr ó Bhéal Feirste, agus ina measc beidh cainteoirí cáiliúla ar nós an iar-MEP as Doire Bernadette McAliskey agus iar-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe Jeremy Corbyn.

“Le deich mbliana anuas, tá muid ag saothrú linn le hoideachas radacach polaitíochta a neadú sa ghluaiseacht oibre agus i bpobail in Éirinn agus sa Bhreatain, agus an aidhm atá leis sin cohórt gníomhaithe ceardchumainn agus lucht oibre a fhorbairt a bhfuil na huirlisí acu an córas a thuiscint, anailís agus critic dhéanamh air agus córais fhorásacha mhalartacha a chur chun tosaigh,” a deir duine de na heagraithe, Stiofán Ó Nualláin.

“An dúshlán atá ann na smaointe, an teoiric, an anailís a thabhairt amach as na hollscoileanna, ar shiúil ó na marx-mhínitheoirí leamha mórchúiseacha, agus isteach i dtithe tábhairne, i gcumainn agus i hallaí pobail, in áiteanna oibre agus ceardchumainn.”