Taispeántas Dath an Dóchais

Taispeántas Dath an Dóchais

Grianghraif le Clive Wasson

Tá taispeántas a cheiliúrann 40 bliain de thacaíocht do na hamharcealaíona sa Ghaeltacht á oscailt sa ghailearaí in Áras Éanna Ionad Ealaíne, Inis Oirr, amárach (Dé hAoine, 5 Lúnasa, 8.30pm).

Tá lúcháir mhór ar Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta, ceiliúradh a dhéanamh ar fhísealaíontóirí i dtaispeántas ina bhfuiltear ag comóradh 40 bliain de thacaíocht do na hamharc-ealaíona sa Ghaeltacht.

Seolfar an taispeántas atá á choimeád ag Úna Campbell agus foireann An Gailearaí, in Áras Éanna, Inis Oírr ar 5 Lúnasa 2022 agus is féidir é a fheiceáil go dtí 13 Meán Fómhair 2022. Beidh an oscailt oifigiúil oíche amárach ag 8.30pm.

D’obair an staraí ealaíne, scríbhneoir criticiúil agus coimeádaí clúiteach, Catherine Marshall, go dlúth leis An Gailearaí ar phainéal le scagadh a dhéanamh ar thobar saibhir fhísealaíon na Gaeltachta le 40 ealaíontóir a roghnú, ealaíontóir a tháinig ón Ghaeltacht nó a d’obair inti le 40 bliain anuas.

“An rud atá maith faoi Dath an Dóchais ná a mhéad is a fheiceann ealaíontóirí comhaimseartha, dúchasacha nó himircí, as gach cearn den domhan, iarthar na hÉireann mar a gceanncheathrú ach nach bhfuil siad sáinnithe aige nó sonraithe ag an traidisiún a rabhtas ag brath go mór air,” a deir Catherine.

Chuir Úna Campbell leis an mhéid sin ag léiriú “go bhfuil fairsinge na ndisciplíní, caighdeán agus saineolas na hoibre as cuimse. Léiríonn an taispeántas seo go soiléir an fhís chumhachta agus shamhailteach atá ag gach duine de na healaíontóirí agus iad le chéile anseo taobh istigh de phriosma thíreolaíoch na Gaeltachta.”

Is léargas é an taispeántas seo, ní hamháin ar dhá scór bliain d’ealaín na Gaeltachta, ach dhá scór bliain d’Údarás na Gaeltachta agus dhá scór bliain d’fhuinneamh an phobail a d’éiligh Údarás na Gaeltachta.

Is as Gaeltacht Chonamara go leor de na healaíontóirí, ina measc Clare Cashman, Donnacha Quilty, Nuala Ni Flathúin, Padraig Reaney, Una Quigley, Aoife Casby, Dan Choil O Flatharta, Sean O Flaithearta, Lelia Ni Chathmhaoil, Sean Cathal O Coileáin, Bob Quinn, Alannah Robbins, Ceara Conway, Brian Bourke, agus Brendan O’Sullivan.

Tá an taispeántas seo le feiceáil in Áras Éanna idir an 5ú Lúnasa agus an 13ú Meán Fómhair agus is féidir é a fheiceáil ar líne freisin ag http://dathandochais.com/

“Cuireann siad in iúl don saol mór cé muid féin mar phobal Gaeltachta agus cuireann siad in iúl dúinn féin cé dhár díobh muid. Cothaíonn siad muid mar phobal agus tá muid buíoch mar phobal as sin,” a deir Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Teanga Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Mac Con Iomaire fosta gur chuir sé fáilte roimh an tacaíocht agus an chomhpháirtíocht leanúnach idir Údarás na Gaeltachta an Chomhairle Ealaíon le tacú leis na healaíona sa Ghaeltacht.

Cathal McGinley lena shaothar ag Dath an Dóchais.