Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Michael Mulcahy

July 8, 2022 @ 8:00 pm - July 31, 2022 @ 8:00 pm

Osclófar taispeántas ina mbeidh an chéad ealaíontóir cónaithe riamh in Áras Éanna, Michael Mulcahy, sa ghailearaí san ionad ealaíne ar an Aoine, 8 Iúil (8pm).

Tá Mick Mulcahy ar dhuine de na healaíontóirí léiritheacha is cáiliúla in Éirinn agus thaispeáin sé a shaothar do mhuintir Inis Oirr tar éis geimhreadh a chaitheamh ar an oileán ag deireadh na 1980idí.

As sin, tháinig an bhrionglóid ionad ealaíne a chruthú sa sean mhonarcháin fíodóireachta ar ár n-oileán beag Gaeltachta.

Chaith Mick mí le déanaí inár stiúideo in Áras Éanna, ag obair ar phictiúir nua iontacha, tar éis dó filleadh ar Inis Oirr le haghaidh ár gceiliúradh 21ú breithlá i mí Iúil 2021.

Is ball é d’Aosdana, an onóir is airde a thugtar d’ealaíontóirí Éireannacha, agus tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Mick ar ais go hInis Oirr chun taispeántas dá phictiúir iontacha a chur ar taispeáint an samhradh seo.

Is é ‘Nowhere to Hide at Sea’ an teideal atá ar a thaispeántas de phictiúir nua.

Details

Start:
July 8, 2022 @ 8:00 pm
End:
July 31, 2022 @ 8:00 pm
Event Categories:
,
Event Tags:
, , , , ,

Venue

Áras Éanna