
- This event has passed.
Pictiúir daite d’Árann ársa
July 9, 2022 @ 2:00 pm - Mí Mheán Fómhair 30, 2022 @ 5:00 pm


Beidh deis speisialta ag cuairteoirí go hInis Oirr an samhradh seo nuair a bheidh taispeántas amuigh faoin aer de sheanghrianghraif daite ó na trí Oileán Árann ó mhí Iúil go Meán Fómhair anseo ag Áras Éanna.
Bunaithe ar na leabhair ‘Old Ireland in Colour’, bhí acadóirí agus comhúdair OÉ Gaillimh John Breslin agus Sarah-Anne Buckley páirteach i dtrí thaispeántas de chuid dá ngrianghraif daite ag músaeim agus ionaid chultúrtha i nGaillimh, Corcaigh agus Béal Feirste.
Agus anois tá siad ag teacht go hInis Oirr i 2022.
Tógadh na grianghraif go léir a bheidh ar taispeáint in Áras Éanna, i dtaispeántas dar teideal ‘Old Aran in Colour’ (Pictiúir daite D’Árann ársa), ar Oileáin Árann.
Beidh fotheidil do na grianghraif ar fáil as Gaeilge.
Tá Breslin agus Buckley ag comhoibriú le MacDara Ó Conaola, atá lonnaithe in Inis Oírr, chun fuaimrian a chruthú timpeall ar ghrianghraif an taispeántais ar an 9ú Iúil. Roimh sheoladh an taispeántais seo beidh caint ó Breslin agus Buckley, agus beidh ceol le Ó Conaola don ócáid.
Tá an taispeántas seo urraithe ag an gCiste Árann in OÉ Gaillimh agus Áras Éanna Ionad Ealaine Inis Oirr.
