Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Cúirt Cheoil na mBan 2025

Mí Dheireadh Fómhair 10, 2025 - Mí Dheireadh Fómhair 12, 2025

Cúirt Cheoil na mBan – Féile cheoil traidisiúnta le hamhránaithe, ceoltóirí & damhsóirí ban & neamh-dhénártha do phobail Inis Oírr.

Ó cuireadh tús leis mar imeacht aonuaire d’Oíche Chultúir i 2022, tá Cúirt Cheoil na mBan fásta anois ina fhéile 3 lá a tharlaíonn ag deireadh shéasúr na turasóireachta ar Inis Oírr, an ceann is lú de chuid Oileáin Árann. I 2023 agus 2024, bhí Inis Meáin tógtha san áireamh agus tá súil againn filleadh ann an bhliain seo chugainn. Cuireann an fhéile Ghaeilge seo béim ar cheoltóirí mná agus ar cheoltóirí neamh-dhénártha traidisiúnta agus tá sé mar aidhm againn na hoícheanta sóisialta traidisiúnta a d’óstáil daoine ina dtithe fadó a athbheochan.
Osclaíonn daoine a dtithe chun seisiúin a reáchtáil i rith an deireadh seachtaine. Beidh deiseanna ann bualadh le ceoltóirí eile a bhfuil taithí chomhchosúil acu leatsa i dtimpeallacht thacúil, seisiúin ócáideacha a eagrú, dul ag siúl agus ag snámh agus beidh spás ann freisin do sheisiúin dhéanacha san oíche atá oscailte do gach inscne sna tithe tábhairne áitiúla.

Tá Cúirt Cheoil na mBan comhléirithe ag Emma O’Grady & Áras Éanna, le tacaíocht ó Phleanáil Teanga Inis Oírr

Is Féile Saor ó Chinedheighilt í Cúirt Cheoil na mBan, rud a chiallaíonn go gcloímid leis an mbaghcat cultúrtha ar Iosrael agus go gcloímid le prionsabail na gluaiseachta BDS. Ní cheadófar táirgí Coca Cola go háirithe inár spásanna imeachta.

10-12ú Deireadh Fómhair 2025

Sceideal*

*coinnigh súil ar ár bhfógraí meán sóisialta faoi áiteanna

INSTAGRAM: @araseanna @cuirtcheoilnamban

Dé hAoine 10ú

9in Seisiún 1(áit TBA)

Dé Sathairn 11ú

2-4in Seisiún 2 (áit TBA)

8.30in Seoladh albam & ceolchoirm le Úna Ní Fhlannagáin @ Áras Éanna

10pm Seisiún 3 (áit TBA)

Dé Domhnaigh 12ú

12-2pm Seisiún 4 (áit TBA)

Ticéid:

Saor in aisce, seachas ceolchoirm Úna Ní Fhlannagáin – ticéid ar fáil ag aras-eanna.ie

 

Details