Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Gile na Gile – Ceol agus Aistir Aodhagáin Ó Rathaille

Mí Dheireadh Fómhair 17, 2025 @ 9:00 pm - 10:30 pm

Cumtha agus curtha i láthair ag Lorcán Mac Mathúna (guth), Martin Tourish (cairdín), agus Éamonn Galldubh (feadóg agus píoba).

Thit an domhan Gaelach as a chéile le linn saol Aodhagáin Ó Rathaille, agus bhí sé ar dhuine de phríomhthráchtairí an chasadh cinniúnaigh sin i stair agus litríocht na hÉireann. Rugadh é le linn Ré na mBardscoil ach fuair sé bás i mbochtanas in aimsir na bpéindlíthe agus na gcúirteanna filíochta. Bhí sé ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí na gluaiseachta nua litríochta a chruthaigh an Aisling, ceol an dóchais le linn tréimhse dhorcha.

Filíocht dhomhain, dána, láidir a scríobh an Rathailleach. Thug a chuid filíochta léiriú géarcháinteach ar am brúidiúil agus tubaisteach, an fhilíocht scríofa go soiléir agus le háilleacht focal i gcónaí. Scríobh sé go liriciúil, le rithim cheolmhar agus le friotal truamhéala. An file ba chumasaí de Ré nua na Gaeilge, b’fhéidir. File nach bhfacthas a shárú fós. Lena chuid scríbhinní sui generis sa stíl nua filíochta a bhí ag teacht chun cinn, is féidir a rá go mba é An Rathailleach athair na litríochta nua-aimseartha.

Rachaimid ar aistear leis an Rathailleach trína chuid filíochta. Filíocht a thugann léargas ar an 18ú céad in Éirinn. Filíocht cheolmhar, liriciúil, a léiríonn dearcadh an fhile ar shaol a bhí ag athrú go tubaisteach. Tugann a chuid liricí dearcadh idir éadóchas agus dóchas dúinne.

“Breathuighim cuisle cheartchumasach Aodhagáin ghrinn”

Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair 9:00i.n.

Ticéid €20/25 ar Eventbrite

Details

Venue

  • Áras Éanna

Organizer