- This event has passed.
Tarraing É i nGaeilge & Lucie Arnoux
Mar chuid d’Fhéile Cartúin na Gaillimhe, beidh taispeántas de chartúin as Gaeilge ar siúl in Áras Éanna idir 6 Deireadh Fómhair agus 6 Samhain 2025. Seo é an séú taispeántas bliantúil de Tarraing é i nGaeilge, agus seolfar é in Áras Éanna. Cuirfidh an taispeántas raon leathan de stíleanna agus éagsúlacht ábhair ó chartúnaithe ar fud na tíre agus thar lear fiú os comhair an phobail. Tá súil againn go mbeidh an taispeántas suimiúil agus spreagúil – agus thar aon rud eile, go mbeidh sé greannmhar.
Mar aon leis sin, beidh taispeántas ó Lucie Arnoux, an t-ealaíontóir cartúin cónaithe in Áras Éanna ar feadh coicís deireadh Meán Fómhair. Is léaráidí agus údair í Lucie d’úrscéal grafach dírbheathaisnéis Je Ne Sais Quoi, agus an tsraith Enola Holmes. Mar aon le sin rinne sí ealaín do chluiche rólimirt Stonetop. Le linn a chónaitheach, tharraing Lucie pictiúir álainn bríomhar don timpeallacht, a n-eachtraí ar an oileán, agus do oícheanta súgracha ceolmhara ag na tithe ósta agus ag an Áras. Táimid ag súil go mór go mbainfidh cuairteoirí agus oileánaigh mar a chéile taitneamh as na taispeántais.
Oscailt ag 6:30i.n. Áras Éanna Dé Luain 6 Deireadh Fómhair