Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’
Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’

Cuimhneachán speisialta ó ‘Curacha’

Tá na curacha le Dara McGee agus Jennifer Cunningham le feiceáil sa phóstaer nua. Grianghraif le Cormac Coyne.

le Ciarán Tierney

Ba é an taispeántas a spreag na mílte cuairteoir go hInis Oirr an samhradh seo caite agus anois is féidir é a cheiliúradh le póstaer nua atá ar díol ar líne.

Tá Áras Éanna i gcomhar le siopa leabhar Charlie Byrne i gCathair na Gaillimhe chun cóipeanna den phóstaer nua ón taispeántas ‘Curacha’ a dhear Caomhan O Scolai agus Dara McGee a dhíol.

Tá an póstaer ar díol anois ar shuíomh idirlín Charlie Bryne, mar sin d’fhéadfadh sé bronntanas iontach a thabhairt d’aon duine ar fud na cruinne.

Is féidir leat póstaer a cheannach ag an nasc seo: https://charliebyrne.ie/product/curacha-poster/

Ar díol anois i siopa leabhar Charie Byrne.

Sa taispeántas, a osclaíodh i mí Iúil, bhí 21 curach lámh-phéinteáilte nó maisithe a bhí lonnaithe ar fud an oileáin.
Bhí seachtar san amharclann, ceathrar amuigh inár gclós, bhí cuid acu suite in aice le raic an Plassey agus an teach solais – agus bhí píosa iontach againn fiú taobh istigh de shéipéal an oileáin.

Thóg Cormac Coyne, grianghrafadóir atá lonnaithe in Inis Oirr, grianghraif de na 21 curach ar fad tar éis dóibh teacht ar an oileán – tugadh cúpla mí d’ealaíontóirí ar fud na hÉireann iad a mhaisiú lena gcuid stíleanna féin.

Mar fhreagra ar an bpaindéim, ag am nuair a dúnadh ár n-amharclann, tháinig an Stiúrthóir Ealaíne Dara McGee ar an smaoineamh chun báid thraidisiúnta na Gaeltachta a cheiliúradh agus taispeántas iontach a chur ar siúl ar fud an oileáin.

Bhí an curach le Seán Cathal O Coileán suite in aice le teach solais an oileáin. Grianghraf le Ciarán Tierney

“Thug an phaindéim am dúinn mar ionad ealaíne chun céim siar a thógáil agus smaoineamh ar Áras Éanna mar fhoirgneamh fisiceach, an t-oileán, na daoine, an pobal, an láthair,” a deir McGee.

“Tá rud an-speisialta faoin ionad ealaíne seo, atá lonnaithe ar oileán Gaeltachta le tacaíocht an phobail áitiúil. Ba é ‘Curacha’, a léirigh saothar ealaíontóirí ar fud na hÉireann, ár bpríomhléiriúchán don bhliain inar ceiliúradh 21 bliain mar ionad ealaíon againn.”

Thug an taispeántas a rinne ceiliúradh ar an mbád traidisiúnta deis do chuairteoirí cosán a leanúint, amuigh faoin aer agus go sábháilte, timpeall an oileáin.

“Sampla an-néata a bhí sa taispeántas iontach seo ar conas is féidir linn ealaín ghairmiúil den scoth a thabhairt don phobal i gcoitinne agus cur le tionscal na turasóireachta ar an oileán,” a deir McGee.

Tá na 21 curach á stóráil faoi láthair taobh amuigh de Cathair na Gaillimhe don gheimhreadh agus tá ceithre cinn de na 21 píosa díolta.

Is féidir le haon duine ar mian leis fiosrú faoi cheann de na curach a cheannach ríomhphost a chur chuig Dara ag eolas@aras-eanna.ie

Ba iad na healaíontóirí ar tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ná Dolores Lyne, Alannah Robins, Naoise Sheridan, Áine Philips, Sean O Flaithearta, Margot Quinn, Pat Quinn, Ger Sweeney, Mick O’Dea, Kathleen Furey, Jennifer Cunnigham agus Tim Acheson, Dara McGee, Breda Burns, John Behan RHA, Sadia Shoaib, Daniel Coleman, Sean Cathal O Coileán, Tom Meskell, Jay Murphy, Cathal McGinely, agus Deirdre McKenna.