Ushmush + Súil Amháin

Dé hAoine, 4 Meán Fómhair, 8:30i.n., Halla Inis Oírr | Ticéid €15
Is cumadóir ceoil agus amhránaí é Ushmush (AKA Ennis Town Adi, AKA Buachaillín Dembó, AKA Ól Man) a mheascann tionchair an cheoil club le liricí a chantar i meascán de Ghaeilge agus Béarla. Reggaeltón a thugann sé féin ar an stíl hibrideach seo. Tá cleachtadh maith aige a bheith ag obair mar MC i gclubanna in Éirinn, bíonn sé le cloisteáil ar na meáin phríomhshrutha agus bhí sé freisin ar RTÉ, TG4 agus BBC Gaeilge. Le deireanas chan sé ar an albam cáiliúil Old Earth a bhí ag Rory Sweeney in 2025 in éindí le Roo Honeychild. Bíonn sé ar chamchuairt timpeall na tíre seo agus i Sasana le ‘Súil Amháin’ agus oibríonn sé leis an amhránaí clúiteach pop Lewis Doyle Singer. Is ball é den sárghrúpa Hip Hop Éireannach Machine Gun Céilí agus den tríréad rapcheoil D’Burglary. Tá Ushmush agus Súil Amháin tar éis fuinneamh a seónna beo a athrú ó bhonn le chéile. I bpáirt a chéile, tugann siad leo rud nach féidir a chur síos air, Big Spailpín Energy.
Is rapálaí agus file as Ciarraí é Súil Amháin. Tháinig sé chun cinn ar dtús mar gheall ar a shaothar filíochta (Séamus Barra Ó Súilleabháin), agus bhuaigh sé slam filíochta na hÉireann in 2011. Ó 2020 i leith, is le huirlisí beo hip-hop amháin a bhíonn sé ag seinm. Bhuaigh céad albam Súil Amháin, athPhORT (2024), a léirigh Bantum, Gradam Nós d’Albam Gaeilge na Bliana. Is minic a tharraingíonn sé ar thobar domhain amhránaíochta agus scéalaíochta, agus teanga thraidisiúnta á lúbadh agus á hathshuíomh aige i sruthanna mealltacha corrchlaonta, ar thírdhreach fuaime de 808anna agus samplaí cartlainne doiléire.
Griangraif le Clare Loughran