Ár gcairde as Tuaim agus leaid as Longfort

Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair, 8:30i.n., Áras Éanna | Ticéid
Tá áthas orainn a chur in iúl go mbeidh ceathrar de mhórchumadóirí amhrán Thuama linn in Áras Éanna i mbliana d’oíche amhránaíochta agus ceoil – Mouse McHugh, Seamus Ruttledge, Noelie McDonell agus Leo Moran in éineacht le scríbhneoir amhrán Inis Oírr, an fear cáiliúil as Longfort, Pat Quinn. Eatarthu bhí an ceathrar as Tuaim ag seinm leis na Sawdoctors, The Stunning, Na Waterboys, Dé Dannán, Cabin Collective agus Blaze X. Tá cáil ar Pat Quinn i bhfad agus i ngearr de bharr a chuid liricí greannmhara agus an bealach bríomhar a gcanann sé iad, ceann acu taifeadta agus á chanadh go rialta ag Christy Moore. Is ócáid iontach a bheidh anseo, agus muid ag fáiltiú roimh ár gcairde as Tuaim ar an stáitse in éineacht le Pat Quinn a chónaíonn anseo, agus iad á dtabhairt ar aistear iontach lena réimse breá amhrán.