- This event has passed.
Padraig Jack

Cuireann Padraig Jack Ó Flaithearta, ainmní do Ghradaim Cheol Tíre RTÉ, seó iontach ar fáil ina bhfuil píosaí a léiríonn a mhealltacht, a nathaíocht, a dhearcadh ar an saol, stair na tíre agus dár ndóigh amhráin d’ardchaighdeán i mBéarla agus i nGaeilge. I nDeireadh Fómhair 2024 d’eisigh Padraig Jack a dhara albam ‘These Shores’, albam a fuair ardmholadh agus a seoladh i nGaillimh do lán an tí agus chuaigh príomhshingil an albaim ‘Long Street’ chuig barr Chairt Aerseinnte RTÉ ar feadh coicíse as a chéile. Is as Oileáin Árann ó dhúchas é, áit a labhraítear an Ghaeilge agus áit as ar tháinig na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta, Máirtín Ó Direáin agus Breandán Ó hEithir. Is cainteoir dátheangach bródúil é idir chomhrá agus cumadóireacht amhrán. Scríobhann sé amhráin Ghaeilge agus Béarla ina mbíonn teachtaireachtaí láidre agus canann sé iad le tionlacan giotáir nó pianó. Ag teacht faoi thionchar James Taylor, Na Eagles, Van Morrison, Sinead O’Connor agus Shane McGowan, tá meas ag Pádraig ar chumadóireacht amhrán a léiríonn dearcadh ar leith.
Tá cáil bainte amach cheana féin ag Padraig i saol cheoil na hÉireann, moladh faighte aige ó dhaoine cáiliúla sa tionscal, leithéidí Mike Scott, Sharon Shannon agus Miles Hunt mar aon le léirmheasanna iontacha ó dhream ar nós Hot Press. Tá Padraig fíorbhródúil as na seónna a bhíonn aige in Inis Oírr agus Inis Meáin, as a léiriú ag an Big Top d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe nuair a bhí sé mar aoi speisialta do na Saw Doctors agus as a sheó beo ar TG4 do sheoladh Fhleá Cheoil na hÉireann i Lúnasa 24. Go dtí seo i mbliana bhí sé ag canadh ag Tradfest Bhaile Átha Cliath, ag féile dátheangach na Gaillimhe ‘Tonnta’ sular thug sé camchuairt ar Shasana agus turas go Montréal, áit a raibh sé ag déanamh ionadaíocht d’Éirinn ag an Folk Alliance i gcomhar le Cultúr Éireann.
Ticéid €25 & €20 anseo
