- This event has passed.
By the Light of the Silvery Moon

Faoi Sholas na Réabghealaí
Seó 16+
Tráthnóna speisialta de scéalta Éireannacha do dhaoine fásta, a insítear i stíl na mbard, ag baint úsáid as focail, fuaimeanna agus ceol.
Sa seó seo, feictear an bard fáin Aindrias de Staic lena veidhlín agus uirlisí tionlacain eile, Brian Fleming ar chnaguirlisí & Aisling Lyons ar an gcláirseach agus ar an gconsairtín. Bhí tionchar mór ag baird a chuaigh roimhe ar Aindrias, leithéidí Raiftearaí an File, Brian Merriman agus Aindrias Mac Cruitín. Ar an gcamchuairt seo téann siad timpeall na tíre ag insint scéalta agus gearrscéalta a mbainfidh an lucht féachana an-sásamh astu.
“He’s a waterboy seanchaí, the pied piper of mischief. If he didn’t exist, we’d have to invent him because the culture needs spirits like his, a wayward Irish fiddle playing dream talker” Tommy Tiernan
Cuireann Aindrias an ealaín ársa Éireannach seo i láthair i stíl bhríomhar, úr, tapa, mar sin féin tá a shaothar fréamhaithe go daingean i scéalaíocht thraidisiúnta iarthar na hÉireann. É spreagtha ag a chuid oibre a bhaineann le seanchas, leis an dúlra agus na healaíona traidisiúnta tugann Aindrias ar thuras muid trí scéalta faoi bhailte atá imithe i bhfarraige, míthapa ceoltóirí fáin, aithriseoireacht ghrinn, leaganacha gearra de mhiotais bhéaloidis agus ar ndóigh a chuid scéalta áiféiseacha féin faoi imeachtaí osnádúrtha.
Is cineál nua scéalaíochta é “Faoi Sholas na Reabghealaí”.
“A pioneer in the revival of traditional storytelling, Aindrias has become one of the key figures in the mining, exploration & presentation of Irish Stories & Mythology. He breathes new life into the old tales – infusing them with musicality, rhythm and his unique insights on life. “
Manchan Mangan
Ticéid €20 & €25 ANSEO
