Loading Events

« All Events

Ger O Donnell

Dé Domhnaigh Bealtaine 24 @ 8:30 pm - 10:30 pm

Dé Domhnaigh, 24 Bealtaine 8:30i.n., Ionad Ealaíne Áras Éanna

Ticéid €25/20 ar Eventbrite

Tá ríméad ar Áras Éanna tús a chur lenár gclár samhraidh san amharclann, agus muid ag cur fáilte roimh cheoltóir a bheidh aithnid ag aon duine a bhfuil cur amach aige ar shaol an cheoil tíre agus an cheoil thraidisiúnta in iarthar na hÉireann, Ger O Donnell.

Tá Ger ar dhuine de na hamhránaithe tíre agus de na hiluirliseoirí is fearr in Éirinn. Le blianta beaga anuas, tá cáil mhór bainte amach aige ar an saol ceoil tíre, le roinnt amhrán a bhain barr na gcairteacha amach in Éirinn, le leanúint mhór ar na meáin shóisialta, agus le go leor camchuairteanna idirnáisiúnta.

Is giotáraí iomráiteach é, seinnteoir dordveidhle dúbailte, agus ceoltóir a sheinneann neart uirlisí eile atá ait agus iontach araon.

Is é Ger amhránaí reatha Bhanna Céilí Chill Fhionnúrach, agus stiúrthóir ceoil Dolores Keane chomh maith. Ina theannta sin, oibríonn sé mar innealtóir taifeadta agus mar cheoltóir le go leor ealaíontóirí eile ar nós Sharon Shannon, Seán Keane agus Moncrieff.

Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh sean-chairde agus cuairteoirí nua chuig an ionad an oíche sin, chun tús séasúir spreagúil atá romhainn a cheiliúradh.

Details

Venue

  • Áras Éanna

Organizer