Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Colm Seoighe agus na hEasógaí

Dé Domhnaigh Lúnasa 2 @ 8:00 pm - 10:00 pm

Ticéid €15 – Eventbrite

Ar Oscailt 8:00i.n./ Tosnú 8:30i.n.

Lonnaithe i nGaillimh , tá Na hEasógaí ag cruthú fuaim úr-nua idir fonn, focail agus íomhá ó bunaíodh iad i Scoil Chuimsitheach Chiaráin i 2022. Meascann na hEasógaí rac-cheoil, ceol Gaelach agus ceol an domhain mhóir i dteannta a dteanga dúchais: an Ghaeilge. Baintear leas as uirlisí ar nós na piobaí uillin agus an giotar leictreach chun an fhuaim éagsúil seo a bhaint amach. Tá an grúpa faoi stiúir ag Colm Seoighe, scríbhneoir agus amhránaí as Ros an Mhíl agus is iad Fionn ó Cualáin, Daragh Jennings, agus Muiris ó Clochartaigh (i measc comhoibritheoirí eile) baill na hEasógaí. I ndiaidh a gcamchuairt ar fud fad na tíre le Damien Dempsey, tá siad le feiceáil ar chlár RTÉ: “An Ghig Mhór”.

Le tacaíocht ó Pleanáil Teanga Inis Oírr

 

Details

Venue

  • Áras Éanna

Organizer