Lisdoon-Nirvana

Déardaoin, 16 Iúil, 8:30i.n., Áras Éanna
Ticéid €30/25
Monalóg drámata aonair le Frankie McCafferty.
Tuaraisc Jackie Hayden – úsáidte le cead ón ealaíontóir.
Sa bhliain 1983 a bhí an fhéile cheoil dheiridh i Lios Dúin Bhearna i gCo. an Chláir agus páirteach ann bhí Rory Gallagher, Christy Moore, Stockton’s Wing, De Danann, Van Morrison, Moving Hearts agus dreamanna eile. Ar fhaitíos nach raibh tú ann, nó go raibh tú ansin ach gur chaill tú amach air mar go raibh “rudaí eile” le déanamh agat tugann monalóg impriseanaíoch Frankie McCafferty léiriú breá air. Ar na príomhcharachtair tá an déagóir saghas neamhurchóideach Macker agus a chomrádaithe as Dún na nGall, duine acu a bhí ag maíomh go mbeadh sé ina réalta rac-cheoil. Rinne roinnt cailíní as Tuaisceart Éireann an turas freisin agus súil ann go mbeadh coiscíní acusan tharla cosc a bheith fós orthu sa deisceart a bhí faoi chois an Chaitliceachais.
Le linn don lucht éisteachta a bheith ag suí sna suíocháin sheinn McCafferty, a scríobh an script freisin, roinnt cordaí simplí ar ghiotár fuaimiúil. Sna 75 nóiméad gnóthach ina dhiaidh sin d’éirigh leis na neamhchinnteachtaí a bhain lena dturas isteach sa bhfíor-dheisceart a chur trasna agus é ag sleamhnú gan stró ó charachtar amháin go carachtar eile, go minic i lár abairte agus corr uair le gotha nó geáitse a léirigh a n-inscne chomh maith lena soineantacht. Chuir sé in iúl go héifeachtach an stop éigeantach a chaitheadh na mná a dhéanamh ag an teorainn, go háirithe an radharc nuair a b’éigean do dhuine acu rith go tobann ag an leithreas.
Chuir an ceol sa gcúlra le hatmaisféar na hócáide in fhad agus a bhí na fir óga ag déileáil le cúrsaí ar nós leithris nach raibh an-iontach, campa nach raibh thar mholadh beirte agus círéibeacha a raibh baint ag roinnt Hells Angels leo, rud a bhí ina chúis ar deireadh thiar le críoch na féile, bhí siad faighte le “slándáil a threisiú” ag daoine nach raibh ar an eolas gur maraíodh fear i gcúinsí mar an gcéanna ag gig de chuid na Rolling Stones i SÁM i 1969.
Ainneoin neamhurchóideacht Macker d’éirigh leis caidreamh collaí a bheith aige den chéad uair, mír a chuir McCafferty i láthair go héifeachtach chun an gnáthcheangal idir gnéas, drugaí agus rac is roll a chur trasna. Tá sé sin níos lú ná daichead bliain ó shin ach breathnaíonn sé gur pláinéad eile ar fad atá anois againn. Tá ardmholadh ag dul do McCafferty as a ghrinneas súl agus as muid a thabhairt ar ais siar chuig an bhféile trí phíosa amharclannaíochta greannmhar, siamsúil agus oideachasúil.