- This event has passed.
Barddair an Cheoil
Bealtaine 7, 2022 @ 8:00 pm - 11:00 pm
Eur10Tá grúpa filí agus ceoltóirí a dhéanann ceiliúradh ar a ngrá don Ghaeilge agus don Bhreatnais ag teacht le chéile le haghaidh oíche speisialta in Áras Éanna, Inis Oirr, ar an Dé Sathairn, 7ú Bealtaine (8in).
Is as iarthar na Breataine Bige agus Iarthar na hÉireann na healaíntóirí ar fad agus tá siad ag baint suilt as an deis a bheith ag seinnt le chéile ag an ionad ealaíon is faide siar san Eoraip ar fad.
Beidh siad ag seinnt i gCathair na Gaillimhe agus in Inis Mór freisin le linn deireadh seachtaine iontach ar an gcósta thiar.
Roghnaigh taibheoirí Barddair an Cheoil téamaí an aigéin agus a inbhir, athruithe de bharr athrú aeráide, agus na créatúir atá faoi bhagairt ag na hathruithe seo dá gcamchuairt trí oíche anseo i gContae na Gaillimhe.
I measc na n-ealaíontóirí tá Alys Harvey, Dominic MacGiolle Bhride, Frances Morton, Meic Llewellyn, Nicolas Davalan, Osian Morris, agus Padraig Jack.
Tá ábhar nua forbartha ag filí agus ceoltóirí na hÉireann agus na Breataine Bige le taifeadadh le chéile, tar éis dóibh a bheith ar camchuairt sa Bhreatain Bheag ag druidim le deireadh na bliana seo caite.
I mí Aibreáin na bliana seo caite, d’eisigh siad a gcéad léiriú digiteach chun Lá Domhanda na gCúirliún a chur chun cinn agus a cheiliúradh.
I measc na gceoltóirí tá an t-amhránaí “sean nós” Doimnic Mac Gille Bhride, as Dún na nGall, a ghlac páirt sa léiriúchán iontach ‘Echoes of Calling’, comhoibriú idir Áras Éanna, Galway Dance Project, agus damhsóirí Seapánacha, anuraidh.
Seinneann Doimnic an pianó, na píobaí uilleann, agus an bosca ceoil, agus sheinn sé go forleathan ar fud na hEorpa, Ceanada, SAM agus an tSeapáin.
Sheinn sé i Toyko le Diane Cannon, faoi stiúir córagrafaí damhsa Seapánach Akiko Kitamura, i mí Eanáir 2021.
Seasann Osian Morris, Meic Llewellyn, agus Alys Hardy do thraidisiún na hamhránaíochta agus na scéalaíochta sa Bhreatain Bheag sa chomhpháirtíocht spreagúil seo idir an dá thír Cheilteacha.
Is as an mBriotáin é Nicolas Davalan (dos dúbailte, píobaí) agus tá cónaí air anois sa Bhreatain Bheag.
Is é Pádraig Jack, a scríobhann agus a chanann amhráin i nGaeilge agus i mBéarla, a dhéanann ionadaíocht ar Oileáin Árann.
Tá dhá albam eisithe ag Padraig, mac leis an scríbhneoir amhrán dátheangach Barry Ronan, agus seinneann sé an giotár agus an pianó.
Tá cead isteach €10 ar an doras ar an oíche.
Details
- Date:
- Bealtaine 7, 2022
- Time:
-
8:00 pm - 11:00 pm
- Cost:
- Eur10
- Event Category:
- Concert
- Event Tags:
- Aras Eanna, Barrdair An Cheoil, Gaeltacht, Inis Oirr, Ireland, Padraig Jack, Wales
Leave a Reply
You must be logged in to post a comment.