Nollaig 2019: Mick O’Dea PPRHA

Nollaig 2019: Mick O’Dea PPRHA

Is in Inis i gCo. an Chláir a rugadh Mick O’Dea i 1958. Rinne sé a chuid staidéir i gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Dearadh BÁC, Ollscoil Massachusetts Amherst, Scoil Ealaíne Winchester i mBarcelona agus i Winchester áit ar bronnadh Máistreacht sa Mínealaín Eorpach air. Bhí sé ag léachtóireacht ar feadh 16 bliain, suas go dtí 1999, sa gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Dearadh agus ghníomhaigh sé mar mheasúnóir seachtrach agus mar léachtóir i gColáistí agus in Ollscoileanna Ealaíne i SÁM, sa RA agus in Éirinn.

Bhí taispeántais go leor ag O’ Dea agus ghlac sé páirt i gcónaitheacht ealaíontóirí in Éirinn, i SÁM agus san Eoraip. Tá gradaim go leor faighte aige, ar na cinn is deireanaí bheadh Duais Portráidíochta chomhairle na SA & na hÉireann / Irish Arts Review i mBaile Átha Cliath agus Duais Portráide Acadamh Ríoga Uladh i mBéal Feirste.

Toghadh O’ Dea mar ARHA i 1993, RHA i 1996 agus PRHA i 2014. Toghadh ar Aosdána é i 1996 agus mar Chomhalta den Chumann Anatamaíoch i 2015 as a chúnamh i leith athbheochan na hAnatamaíochta mar ábhar d’ealaíontóirí sa Scoil RHA nuabhunaithe, áit ar roghnaíodh mar Phríomhoide Scoile i 2006 é.

Bhí O’ Dea ina bhall de Bhord Gobharnóirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, é ag gníomhú ó 2014 go 2018 mar chathaoirleach ar an gCoiste Ceannacháin agus Taispeántas.

Tá sé ina chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach Dearadh Stampaí agus is ball de Choiste Comhairleach Stampshanais An Post é.

Tá O’ Dea i mbun a chleachtas mar ealaíontóir lánaimseartha ó 1999, i mBaile Átha Cliath, i Maigh Eo agus cibé áit a dtugann a chuid oibre é.

Leave a Reply