Taispeántas grianghrafadóireachta d’Inis Oírr le linn ordaithe dianghlasála an chorónvíreas.
Nuair a bhí mé i mo ghasúr óg, faoi dheich mbliana d’aois, is ea spreagadh mo shuim sa ngrianghrafadóireacht. Ar thuras thall i Londain shín m’uncail agam a Nikon SLR, seo ag tráth a mbíodh spól i chuile cheamara. Ar ais sa mbaile is cuimhin liom an ríméad uilig agus muid suite timpeall ag an tine ag breathnú ar na grianghraif priontáilte a bhí curtha isteach in albam beag.
I 2007 bhog mé go hInis Oírr le mo chlann agus thosaigh mé ag múineadh i meánscoileanna Inis Oírr agus Inis Meáin. Anseo sna hoileáin tugaim an-suntas d’áilleacht an nádúir mórthimpeall orainn, ó luí álainn na gréine, farraigí móra agus na mílte réaltóg a lasann suas spéir na hoíche chomh maith leis na nithe difríocht uilig a dhéanann saol breá dóibh féin anseo. Ach thar aon rud eile braithim mothú láidir pobail chomh maith leis na traidisiúin shaibhre a choinníonn an nasc idir mhuintir na n-oileán. Is iad na tréithe a thagann i m’intinn agus mé ag cuimhneamh ar na daoine anseo ná dream séimh le teacht aniar iontu.
Fuair m’ábaltacht leis an gceamara deis le fás agus forbairt le linn dom a bheith ag féachaint le saibhreas seo na n-oileán a chur trasna in íomhá. Ní chreidim go bhfuil an sprioc sin bainte amach fós agam ach is é an píosa is tábhachtaí domsa ná bheith ag iarraidh é a bhaint amach. Seo é a chuidíonn liom go seasta le theacht ar bharr mo chumais agus samhlaíochta. Tá an-suim agam i ngrianghrafadóireacht portráidí, réaltfhótagrafaíocht, i dtírdhreacha, spórt agus fiadhúlra. Bainim sásamh as pictiúir a thógáil sa lagsholas, ag fáil chuile fótón beag solais a chruthaíonn íomhá ar leith rud nach féidir déanamh sa solas lae.
Bhí sé an-speisialta dom slám de mo chuid pictiúr a chur ar taispeáint in Áras Éanna in éineacht le grianghrafadóirí ardchumasacha, áitiúla, eile. Bhí an t-ádh orm go raibh seans agam pictiúir a thógáil ag an bpointe is faide ó dheas san Afraic agus sa tundra sa gCiorcal Artach ach is in Oileáin Árann is mó a bhím ar mo sháimhín só.
Ó tháinig an víreas seo os comhair an domhain tá athrú mór ar ár saol laethúil. Is gnáth rud dúinn anois an scoitheadh sóisialta agus ár n-aclaíocht a bheith i bhfoisceacht 5km don teach baile. D’athraigh go leor do go leor le deireanas. Shíl mé gur dheas an rud pictiúir a thógáil den domhan mór inár dtimpeall anseo in Inis Oírr, ach nach dtugann muid mórán suntais dó ó lá go lá. Ba é an plean a bhí agam ná na pictiúir a chur ar líne do dhream atá rófhada ón bhfarraige nó nach bhfeiceann an ghrian ag dul faoi, le giota de mo shaolsa a thabhairt chomh fada leo.
Seo roinnt de na pictiúir sin… Inis Oírr faoi Dhianghlasáil
Tá súil agam go dtaitneoidh siad leat.
Cormac