Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta Inis Meáin

Déardaoin July 24 @ 8:30 pm - 10:00 pm

Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta
Déardaoin 24 Iúil 8:30i.n. – Inis Meáin

Is iad Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta a bhuaigh an gradam do na Ceoltóirí is Fearr atá ag Teacht chun Cinn ag Gradam Ceoil Tíre RTÉ in 2024.
Tagann Séamus & Caoimhe ó chlann ceolmhar atá ag cur fúthu san Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara, Co na Gaillimhe.

Tá cáil orthu de bharr a gcuid amhránaíocht ar an sean-nós (amhránaíocht thraidisiúnta gan tionlacan i nGaeilge) agus ar an gcóiriú ar leith a dhéanann siad ar amhráin Ghaeilge agus Béarla.

Tá an-suim acu i gcóiriú gutha agus in armónú, agus tagann a nguthanna go maith le chéile de bharr gur baill den teaghlach céanna iad. Chuaigh an leagan den chaoineadh tochtmhar Anach Cuain a chan siad ar an Late Late Show in 2022 i gcion go mór ar phobal na tíre agus scaip sé go sciobtha ar fud an domhain.

Is il-ionstramaithe cumasacha agus rinceoirí Gaelacha a bhfuil gradam Uile-Éireann buaite acu iad Séamus agus Caoimhe agus bíonn an Ghaeilge agus a n-oidhreacht lárnach i gcónaí ina saothar ceoil.

In 2023 a d’eisigh siad a gcéad cheirnín leathfhada dar teideal Séamus & Caoimhe.    Is féidir é a íoslódáil ar chuile ardán digiteach agus ba iad Brian Whelan agus cumadóir Riverdance Bill Whelan a chur le chéile é. Thaifead siad é ina stiúideo ag an Fort, Cloch na Rón, Conamara.

Tá BA i gCeol na hÉireann ag Caoimhe ó Dhámh Chruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh. Tá Séamus sa mbliain deireanach dá chéim BA i dTeangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh, an Ghaeilge ar cheann de na teangacha sin.

Ticéid €25 & €20 anseo

Details

  • Date: Déardaoin July 24
  • Time:
    8:30 pm - 10:00 pm
  • Event Category:

Venue

Organizer