Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

That They May Face The Rising Sun 8pm & John McGahern: A Private World 4pm – 6ú Iúil

July 6, 2024 @ 4:00 pm - 10:00 pm

Dhá Scannán in Áras Éanna – Dé Sathairn 6 Iúil

Ar cheann de thionscnaimh chomóradh 60 bliain Chumann Scannán na Gaillimhe tá comhoibriú píolótach le hÁras Éanna, chun dhá scannán a óstáil ar Inis Oírr. Ag ceiliúradh saothar an Stiúrthóra mór le rá Pat Collins: That They May Face The Rising Sun, cóiriú ar úrscéal 2002 John McGahern agus buaiteoir an Scannán is Fearr ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann 2024, agus John McGahern: A Private World, clár faisnéise a bhuaigh an Clár Faisnéise is Fearr ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann 2005. Is mór an phribhléid do Chumann Scannán na Gaillimhe go mbeidh Pat féin i láthair chun na scannáin a chur i láthair agus léargas a thabhairt don lucht féachana ar a shaothar den scoth.

 

4.00i.n.       John McGahern: A Private World (2005) (54nóiméad)
Iniúchadh é seo ar shaol agus ar shaothar phríomhscríbhneoir ficsin na hÉireann, ag úsáid cuimhní cinn McGahern mar chúltaca. Trí agallaimh dlúthphearsanta, tagann tuiscint láidir agus spéisiúil den fhear a chruthaigh an saothar chun cinn, a thugann léargas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach.  Réamhbhlaiseadh: 

 

8.00i.n. That They May Face The Rising Sun (2023) (1uair agus 51nóiméad)
Léargas ar bhliain i saol phobal tuaithe, cois locha, in Éirinn sna 1970idí, is cóiriú é ‘That They May Face The Rising Sun’ ar úrscéal deiridh Brian McGahern, duine d’úrscéalaithe mór le rá na hÉireann.   Réamhbhlaiseadh:

Ticéid:      anseo            

John McGahern: A Private World (2005) (54nóiméad)                                  €8/€10
That They May Face The Rising Sun (2023) (1uair agus 51nóiméad)      €10/€12
Ticéid don dá scannán                                                                                     €15/€20

 

 

Details

Date:
July 6, 2024
Time:
4:00 pm - 10:00 pm
Event Category:

Venue

Áras Éanna

Organizer

Galway Film Society