Máirtín O’Connor, Cathal Hayden, Séamie O’Dowd

Dé hAoine, 26 Meitheamh, 8:30i.n., Áras Éanna
Ticéid €30/25
Óna gcéad uair ar stáitse do Thríréad Mháirtín O’ Connor i Sligeach ag tús na 2000idí tá camchuairt tugtha acu ar fud an domhain agus dhá thaifeadadh déanta acu, “Crossroads” agus “Going Places” a fuair moladh mór ó lucht léirmheastóireachta.
Thug a dtaisteal iad chuig an ‘Sydney Opera House’ agus an ‘New York Symphony Space Centre’ mar chuid de cheolchoirmeacha Máistrí Traidisiúin Martin Hayes. Thug siad camchuairt freisin ar Lár agus Oirthear na hEorpa in éineacht leis an ngiotáraí cáiliúil Astrálach Tommy Emmanuel agus bhí gigeanna dá gcuid féin acu in Éirinn, sa Bhreatain, san Eoraip, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, san Astráil agus sa Nua-Shéalainn, agus míle fáilte ag an lucht éisteachta rompu i gcónaí.
Bhí siad i dteannta Christy Moore freisin ag go leor ceolchoirmeacha agus ina n-aíonna ar thrí cinn de na taifeadtaí is déanaí dá chuid. Cuirtear síos go cruinn orthu mar thriúr mór le rá de cheoltóirí traidisiúnta na hÉireann, agus tá a léiriú beo ina aistear cuaifeach fíorúil a théann ó chroílár thraidisiúin cheoil na hÉireann go himill na dteorainneacha is faide amach de.
Chaith Máirtín O’ Connor tréimhse an-tioncharach le De Danann, Midnight Well, Skylark, agus tamall ag seinm sa seó cáiliúil Riverdance nuair a thosaigh siad amach. Sheinn sé freisin i dteannta Mark Knopfler, Tanita Tikaram, The Contempo Quartet, The Boys Of The Lough agus go leor leor eile. Agus trína halbaim iontacha atá eisithe aige, ar nós The Connachtman’s Rambles, Perpetual Motion, Chatterbox, The Road West agus Rain Of Light, a chumas iontach ar an mbosca ceoil agus a chuid cumadóireachta tá ainm bainte amach aige mar laoch de cheol na hÉireann. Tá go leor gradam agus duaiseanna bronnta ar Mháirtín mar aitheantas ar a thallann cheoil, agus tá sé gan aon dabht ar dhuine de na ceoltóirí is fearr a bhí in Éirinn riamh.
Ní gá Cathal Hayden a chur in aithne d’aon duine, fiú iad sin nach bhfuil ach beagán feasachta acu ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá Craobh Uile-Éireann bainte amach aige ar an bhfidil agus ar an mbainseó, inspioráid bhuan do cheoltóirí traidisiúnta atá ag teacht chun cinn agus ball bunaidh de na sárcheoltóirí ‘Four Men and a Dog’, tá grúpa iontach fidle bunaithe aige freisin lena dheartháir Stephen agus an fidléir óg cumasach Niall Murphy as Ard Mhacha ar a dtugtar ‘The Bow Brothers’. D’oibrigh sé freisin i gcomhar le baill den bhanna cáiliúil Meiriceánach ‘The Band’ agus go leor ealaíontóirí eile taobh istigh agus amuigh de thraidisiúin cheoil na hÉireann. Agus mar bharr air sin uilig, luadh ‘Four Men and a Dog’ i sceitse de chuid Billy Connolly!!!
Sheinn an t-il-ionstraimí Seamie O’Dowd ar an raidió den chéad uair ag deich mbliana d’aois agus ag aois a cúig déag sheinn sé ar chlár faisnéise BBC a bhí déanta faoin laoch cáiliúil Dick Gaughan a sheinneann ceol tíre Albanach,. Tá clú agus cáil bainte amach ag Seamie mar dhuine de na ceoltóirí is fearr in Éirinn. Bhí sé ar chamchuairt timpeall an domhain ar feadh sé bliana mar bhall den ghrúpa iontach as Sligeach, Dervish, agus sheinn sé le Liam O’Flynn, Kevin Burke, Na Chieftains, The Unwanted, Arcady, Mary Mac Partlan, New Road, Thom Moore, an pianódóir as Sligeach Kieran Quinn agus go leor eile. D’oibrigh Seamie freisin mar léiritheoir agus mar cheoltóir seisiún ar roinnt taifeadtaí a fuair ardmholadh ó lucht léirmheastóireachta.