Áras Éanna Beó – Micheál Ó hAlmhain
Tá a shaol caite ag an bhflúiteadóir Micheál Ó hAlmhain ag casadh agus ag cur chun cinn cheoil traidisiúnta na hÉireann.
Tá a shaol caite ag an bhflúiteadóir Micheál Ó hAlmhain ag casadh agus ag cur chun cinn cheoil traidisiúnta na hÉireann.
Is as Co. Thiobráid Árann don t-amhránaí agus cumadóir ceoil Ruth Dillon atá anois loinnithe i gConamara.
Beidh fear tosaigh na ‘Hothouse Flowers’ ar stáitse leis féin. Tá an-tóir in Éirinn ar Liam Ó Maonlaí mar cheoltóir agus mar amhránaí traidisiúnta agus rac
Cónaíonn Pat in Inis Oírr, amhránaí/scríbhneoir amhrán le tallann iontach agus is minic leis amhráin bharúla a chumadh faoi réimse leathan téamaí ó fhataí go piongainí go Angelina Jolie.
Is amhránaí ar an sean-nós aitheanta Doimnic Mac Giolla Bhríde le cois a bheith ina phíobaire uilleann agus boscadóir den scoth. De bhunadh Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall tá clú domhanda agus príomh duais an Oireachtais, Corn Uí Riada bainte amach aige.
Ag trí bliana déag d’aois a thug Benny McCarthy faoin bhosca ceoil faoi stiúir an chairdíneora iomráiteach Bobby Gardiner. Bhuaigh sé faoi dhó ag an Oireachtas i 1994. Casann sé leis an bhanna Danú agus is é an bainisteoir leis. Síos tríd na blianta chas sé i gcuideachta Liam Clancy, Tom Paxton, John Sheahan, Donovan, Donal Lunny, Seán Ó Sé agus go leor eile.
Rugadh Des i nGaillimh ach tá sé ag cur faoi anois ag bun Shléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh, i gCo. Thiobráid Árainn. Tagann an spreagadh dona puipéid lámhdhéanta seo ón dúlra. Tá sé de nós ag Des seachtain a chaitheamh le páistí scoile an oileáin le roinnt blianta anuas. Mar gheall ar an Choróinvíris ní bheidh sé in ann a theacht i mbliana ach tá an seó seo tiomnaithe do pháistí Inis Oírr aige.
Sula bhfuair sé an post mar Stiúrthóir Ealaíne ar Áras Éanna ba dearthóir seit, maisitheoir leabhar, ealaíontóir agus taibheoir é Dara. Leis an Chompántas Drámaíochta Fibín tá seóanna ealaíne bheo ar nós Clann Lir, An Rón Dall agus Mac Piarais i bPictiúir curtha i láthair ag Dara.
Ó Bhaile Átha Cliath ó dhúchas do Dháithí Ó Briain cé go bhfuil sé ag cur faoi in Inis Oírr le fiche bliain. Tá guth láidir ag Dáithí a fheileann dona hamhráin agus bailéid a cheolann sé agus a bhfuil idir oileánaithe agus cuairteoirí don oileán ag baint suilt as le blianta.