Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Áras Éanna Beó – Liam Ó Maonlaí

Aibreán 23, 2020 @ 9:00 pm

Free

Beidh fear tosaigh na ‘Hothouse Flowers’ ar stáitse leis féin. Tá an-tóir in Éirinn ar Liam Ó Maonlaí mar cheoltóir agus mar amhránaí traidisiúnta agus rac.

Amhránaí (le raon gutha a mbeadh go leor amhránaithe oilte sa gceol clasaiceach in éad leis faoi), scríbhneoir amhrán, ilionstraimí (leanann an liosta), ealaíontóir, péintéir, damhsóir – níos mó tallainne ná mar d’fhéadfá a shamhlú. Thagair Bono babhta do Liam mar ‘Buachaill geal na n-amhránaithe sól is fearr sa domhan’, agus tá sé áirithe freisin ar dhuine de na hamhránaithe Sean-Nóis (amhráin traidisiúnta Gaeilge) is fearr in Éirinn.

Ó thosaigh Liam amach os cionn cúig bhliana fichead ó shin tá uimhir a haon sna cairteacha bainte amach aige i mbreis agus fiche tír, idir a bheith ag seinm le ceoltóirí Bundúchasacha in iargúil na hAstráile go taifead le roinnt de cheoltóirí mór le rá an domhain, ina measc, Glen Hansard, Marketa Irglova, Carlos Nunes, Donal Lunny, U2 agus Van Morrison, agus níl anseo ach roinnt acu.

Mar gheall ar an corónvireas tá Ionad Ealaíne Áras Éanna dúnta ach tá clá imeachtaí a craoladh againn ar ‘Facebook Live’ ar leathnach ‘Áras Éanna Ionad Ealaíne’.

Details

Date:
Aibreán 23, 2020
Time:
9:00 pm
Cost:
Free
Event Category:
Website:
https://www.facebook.com/%C3%81ras-%C3%89anna-Ionad-Eala%C3%ADne-Inis-O%C3%ADrr-2160878367291762/

Venue

Facebook Live