Áras Éanna Beó – Micheál Ó hAlmhain
Tá a shaol caite ag an bhflúiteadóir Micheál Ó hAlmhain ag casadh agus ag cur chun cinn cheoil traidisiúnta na hÉireann.
Tá a shaol caite ag an bhflúiteadóir Micheál Ó hAlmhain ag casadh agus ag cur chun cinn cheoil traidisiúnta na hÉireann.
Is as Co. Thiobráid Árann don t-amhránaí agus cumadóir ceoil Ruth Dillon atá anois loinnithe i gConamara.
Beidh fear tosaigh na ‘Hothouse Flowers’ ar stáitse leis féin. Tá an-tóir in Éirinn ar Liam Ó Maonlaí mar cheoltóir agus mar amhránaí traidisiúnta agus rac
Cónaíonn Pat in Inis Oírr, amhránaí/scríbhneoir amhrán le tallann iontach agus is minic leis amhráin bharúla a chumadh faoi réimse leathan téamaí ó fhataí go piongainí go Angelina Jolie.
Is amhránaí ar an sean-nós aitheanta Doimnic Mac Giolla Bhríde le cois a bheith ina phíobaire uilleann agus boscadóir den scoth. De bhunadh Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall tá clú domhanda agus príomh duais an Oireachtais, Corn Uí Riada bainte amach aige.
Ag trí bliana déag d’aois a thug Benny McCarthy faoin bhosca ceoil faoi stiúir an chairdíneora iomráiteach Bobby Gardiner. Bhuaigh sé faoi dhó ag an Oireachtas i 1994. Casann sé leis an bhanna Danú agus is é an bainisteoir leis. Síos tríd na blianta chas sé i gcuideachta Liam Clancy, Tom Paxton, John Sheahan, Donovan, Donal Lunny, Seán Ó Sé agus go leor eile.
Rugadh Des i nGaillimh ach tá sé ag cur faoi anois ag bun Shléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh, i gCo. Thiobráid Árainn. Tagann an spreagadh dona puipéid lámhdhéanta seo ón dúlra. Tá sé de nós ag Des seachtain a chaitheamh le páistí scoile an oileáin le roinnt blianta anuas. Mar gheall ar an Choróinvíris ní bheidh sé in ann a theacht i mbliana ach tá an seó seo tiomnaithe do pháistí Inis Oírr aige.