NA MURPHY BEDS (SÁ) Na Seisiúin Caife 

Beidh amhráin traidisiúnta agus seanamhráin á gcasadh ag na Murphy Beds (Jefferson Hamer agus Eamon O’Leary) agus iad ag cur comhcheol agus ceol ealaíonta uirlise ar an bouzouki, giotár agus maindilín leis. Tá seisiúin déanta acu i bpáirt le healaíontóirí as réimse leathan den cheol tíre ina measc Beth Orton, Bonnie ‘Prince’ Billy, Anais Mitchell, agus Sam Amidon

€10