Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Taispeántas Dath an Dóchais

Lúnasa 5, 2022 - Mí Mheán Fómhair 13, 2022

Grianghraf le Clive Wasson

Osclófar ‘Dath an Dóchais’, taispeántas a ceiliúrann 40 bliain d’fhísealaíontóirí sa Ghaeltacht, in Áras Éanna i mí Lúnasa.

Déanfaidh Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta ceiliúradh ar 40 de fhísealaíontóirí na Gaeltachta i dtaispeántas speisialta a bheidh ar siúl ar Inis Oirr ón 5ú Lúnasa go dtí an 13ú Meán Fómhair.

Comórann sé 40 bliain de thacaíocht don amharc-ealaíontóirí sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

Seolfar an taispeántas, atá á choimeád ag Úna Campbell agus foireann An Gailearaí, Gaoth Dobhair, ag gailearaí Áras Éanna Ionad Ealaíne ar an 5ú Lúnasa.

Beidh saothar na nglún ealaíontóirí éagsúla le feiceáil.

Is é an nasc coitianta atá eathrú ná gur as an nGaeltacht iad go léir nó go bhfuil siad lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta.

Karol Mac Gairbheith. Grianghraf le Clive Wasson

Labhair Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta faoin seoladh:

“Mar phobal Gaeltachta, tá muid go mór faoi chomaoin ag ár gcuid ealaíontóirí. Samhlaigh saol gan a gcuid físe, gan a gcuid aislingí. Cuireann siad in iúl don saol mór cé muid féin mar phobal Gaeltachta agus cuireann siad in iúl dúinn féin cé dhár díobh muid.

“Cothaíonn siad muid mar phobal agus tá muid buíoch mar phobal as sin. Is léargas é an taispeántas seo, ní hamháin ar dhá scór bliain d’ealaín na Gaeltachta, ach dhá scór bliain d’Údarás na Gaeltachta agus dhá scór bliain d’fhuinneamh an phobail a d’éiligh Údarás na Gaeltachta. Is iomaí splanc atá fanta fós inti.”

Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon in 1997.

Cuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair.

  • Is iad na 40 ealaíontóir a mbeidh a saothar ar taispeáint mar chuid de Dath an Dóchais: Áine Ní Chíobháin Alannah Robbins Andrew Duggan Aoife Casby Bernadette Cotter Bob Quinn Brendan O’ Sullivan Brian Bourke Caoimhghin Ó Fraithile Cathal McGinley Ceara Conway Ciara O’ Flynn Clare Langan Clare Cashman Danny Chóil Dan Ó Flatharta RIP Deirdre McKenna Donnacha Quilty Heidi Nguyen Helen Quill Ian Gordon Ian Joyce Katrina Quille Karol Mac Gairbheith Kevin McGee Lelia Ní Chathmhaoil Maria Simonds-Gooding Niall Naessens Nuala Ní Fhlathúin Róisín Ní Chionnfhaolaidh Sandra Landers Sarah Lewtas Pádraic Reaney Patsy Dan Rodgers RIP Ruairí Rodgers Seán Cathal Ó Coileáin Seán Ó Flaithearta
    Tadhg McSweeney RIP Tomás Ó Cíobháin Úna Ní Shé Úna Quigley.

Cathal McGinley. Grianghraf le Clive Wasson.

 

 

 

Details

Start:
Lúnasa 5, 2022
End:
Mí Mheán Fómhair 13, 2022
Event Category:
Event Tags:
, , , ,
Website:
aras-eanna.ie

Venue

Áras Éanna

Organizer

Ealaín na Gaeltachta
View Organizer Website