Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Pat Quinn agus a chairde

Lúnasa 27, 2022 @ 8:30 pm - 10:30 pm

€15 – €20
An t-amhránaí-scríbhneoir Pat Quinn

Cé gur as Co. Longfoirt ó dhúchas dó, tá Pat Quinn ina chónaí ar Inis Oirr le breis agus scór bliain anuas agus é ar dhuine de na hamhránaithe is cumadóirí amhrán is mó ráchairt ar an oileán. Tá clú agus cáil ar a chuid amhráin bharúla, spraiúla, agus scaitiúlí polaitiúla buíochas le leithéidí Christy Moore.

Roimh an bpaindéim, bhí ceolchoirm bhliantúil Pat Quinn lena chairde ceoil ar cheann de bhuaicphointí na bliana ar an oileán. Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Pat ar ais chuig an amharclann, áit a mbeidh roinnt comhoibrithe ceoil ón oileán agus níos faide i gcéin in éineacht leis.

Details

Date:
Lúnasa 27, 2022
Time:
8:30 pm - 10:30 pm
Cost:
€15 – €20
Event Categories:
,
Event Tags:
, ,

Venue

Áras Éanna