- This event has passed.
AR CEAL – Jon Kenny in éineacht le Catherine Ronan agus Ruth Dillon

Oíche filíochta, ceoil agus scéalaíochta in Áras Éanna
Is pribhléid dúinn in Áras Éanna oíche speisialta filíochta agus ceoil leis an laoch Jon Kenny a óstáil. Níl aon chall Jon a chur in aithne, is cara mór le pobal an oileáin é. Is iomaí uair a chas Jon in Áras Éanna agus is minic a chonaic muid a cheird mar aisteoir, mar cheoltóir agus mar fhear grinn. Le tamall anuas tá Jon ag plé le saol na filíochta, ag insint scéalta faoi dhaoine, faoi thimpeallacht agus ag cuir a chuid smaointe trasna trína chuid scríbhneoireacht.
Beidh an file Catherine Ronan agus an ceoltóir Ruth Dillon in éineacht le Jon ar an oíche. Tá Catherine lonnaithe i gCorcaigh, a céad chnuasach ‘Elemental Skin’ foilsithe ag Revival. Is amhránaí aitheanta í Ruth atá lonnaithe i nGaillimh. Tá cáil uirthi le deirneas as a cuid oibre leis an ngrúpa ceoil ‘The Raines’, agus d’oibrigh sí le raon mór taibheoirí thar na blianta.