Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Johnny Óg Connolly agus Mícheál Darby

Lúnasa 5, 2023 @ 8:30 pm - 10:00 pm

€15 – €20

Beirt de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr i gConamara ag teacht le chéile do cheolchoirm in Áras Éanna .

 Is ceoltóir agus cumadóir traidisiúnta aitheanta ó Ghaeltacht Chonamara é Johnny Óg Connolly. Seinneann sé bosca ceoil agus mileoidean. Bhuaigh a chéad albam aonair ‘Aisling Yoshua ’ Albam Tíre na bliana 2011. Ina shaothar cumadóireachta bíonn baint mhór aige le filíocht na Gaeilge agus tá dhá shraith amhrán cumtha aige, ceann acu bunaithe ar fhilíocht Mháirtín Ó Direáin le Liam Ó Maonlaí ag gabháil fhoinn. An coimisiún is déanaí a bhí aige ná sraith ceoil a scríobh bunaithe ar shaol a athar, an t-seinnteoir melodeon clúiteach Johnny Connolly.  Tá An Cosán Draíochta (The Enchanted Path) díreach tar éis camchuairt náisiúnta a thabhairt chun críche ag deireadh na bliana 2022 agus ardmholadh ag dul dó. Tá Johnny Óg i mbun taighde ar cheol Chonamara faoi láthair.

Is as Indreabhán i gConamara é Mícheál Darby. Tá sé aitheanta mar dhuine de mháistirí an ‘bhosca bhig’ nó an mileoidean. Is iad taifeadtaí PJ Hernon, boscadóir mór Charna, a spreag a chuid suime sa mhileoidean agus é óg agus rinne sé an oiread iontais den fhuaim dhifriúil, chroíúil a bhí ag an mboiscín beag. Ina dhiaidh sin, d’éirigh leis teacht ar cheol mileoidin Bhobby Gardiner as Co. an Chláir agus mheall sé sin tuilleadh é. Is é An tOileán Aerach le Johnny Phádraic Pheter Ó Conghaile as Inis Bearacháin a chuir ceol an mhileoidin i lár an aonaigh agus, i ndáiríre, ba é Johnny ba mhó a spreag suim Mhíchíl sa mbosca beag.

Tá dhá dhlúthdhiosca eisithe ag Mícheál, Bosca Bideach (2000) agus An Rithim Réidh (2017). Is mar seo a rinne Neansaí Ní Choisdealbha, Eagraí Ceoil RTÉ Raidio na Gaeltachta, cur síos ar stíl Mhíchíl Darby agus í ag déanamh tagartha don albam An Rithim Réidh; ‘tugann an válsa ‘Meánuisce na Mara’ agus an fonn mall ‘Cúirt Bhaile Nua’ léargas iontach dúinn ar stíl álainn, réidh ,staidéarach Mhíchíl Darby’.  Tá Mícheál Darby ag cur faoi in sna hAille in Indreabhán lena bhean chéile, an t-amhránaí sean-nóis, Odí Ní Chéilleachair, agus lena chlann cheolmhar.

Ticéid ar fáil anseo:    https://www.eventbrite.ie/e/623587034607

Details

Date:
Lúnasa 5, 2023
Time:
8:30 pm - 10:00 pm
Cost:
€15 – €20
Website:
https://www.eventbrite.ie/e/623587034607

Venue

Áras Éanna

Organizer

Áras Éanna
Phone
099 35005
Email
eolas@aras-eanna.ie
View Organizer Website