Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Cúirt Cheoil na mBan

Mí Dheireadh Fómhair 5, 2023 @ 8:00 am - 5:00 pm

Á léiriú ag Áras Éanna & Éigse Dara Beag

Cúirt Cheoil na mBan – Imeacht Cheoil Traidisiúnta na hÉireann d’amhránaithe, rinceoirí agus ceoltóirí ban do phobail Inis Oírr agus Inis Meáin.

 

6ú & 7ú Deireadh Fómhair 2023

 

‘Théis chomh maith is a d’éirigh leis anuraidh, cuirfidh Áras Éanna ‘Cúirt Cheoil na mBan’ ar siúl arís ar an Aoine 6ú (Inis Meáin) & an Satharn 7ú (Inis Oírr) Deireadh Fómhair. Is ceiliúradh ar mhná i gCeol Traidisiúnta na hÉireann an féile seo, agus is é an sprioc atá againn ná athbheochan ar na hoícheanta sóisialta traidisiúnta a bhí ag daoine ina dtithe ar na hoileáin fadó.

Cuifidh daoine ar an dá oileán fáilte roimh cheoltóirí agus lucht éisteachta beag isteach ina dtithe le haghaidh seisiúin gearr tráthnóna Dé hAoine (Inis Meáin) agus tráthnóna Dé Sathairn (Inis Oírr). Tar éis na seisiúin sna tithe, beidh ceolchoirm saor in aisce ag na ceoltóirí ar fad @ Halla Naomh Eoin 6ú 8i.n. agus Amharclann Áras Éanna 7ú 9i.n. Beidh céilí pobail sa Halla Inis Oírr ag 1i.n. Dé Sathairn 7ú freisin.

Saor in aisce!

Fáilte roimh chách!

Sruthú beo ar líne: Áras Éanna Facebook & Instagram 

Tá 20+ amhránaithe, rinceoirí agus ceoltóirí páirteach ann, san áireamh tá:  

Aedín Ní Thiarnaigh, Aimee Farrell Courtney, Áine O’Brien, Aisling Parslow, Anna Ní Nualláin, Aoife Smyth, Bríd Ní Chualáin, Catriona Ní hAmhlúin, Deirbhile Ní Bhrolcháin, Fiona Fitzpatrick, Hannah Ní Chonghaile, Izzy Donnery, Katelyn Corrigan, Lasairfhíona Ní Chonaola, Leona McKenna, Máire Uí Mhaoláin, Maeve Townsend, Marion McEvoy, Róisín Ní Domhnaill, Róisín Ní Mhainín, Úna Ní Fhlannagáin

Tá Cúirt Cheoil na mBan maoinithe ag Áras Éanna, Clár Éire Ildánach, Scéim Tacaíocht Pobail Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhlacht Forbartha Inis Meáin.

Tá Áras Éanna maoinithe ag An Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe

Details

Date:
Mí Dheireadh Fómhair 5, 2023
Time:
8:00 am - 5:00 pm
Event Categories:
, ,