- This event has passed.
Crime and the City Solution Acoustic
Bealtaine 10, 2024 @ 8:30 pm - 10:00 pm
Is údar bróid do ‘Crime & the City Solution’ leagan acústaic trí phíosa den bhanna a fhógairt, faoin ainm Crime & the City Solution (Acoustic) nó Crime (Acoustic) mar ainm gairid. Is ón mbeirt Bonney/Adams, a bhí ar chamchuairt sna SA agus san Eoraip le Mark Langan in 2019, a tháinig an smaoineamh Crime (Acoustic) a bhunú mar go raibh siad ag iarraidh an t-ábhar a sheinm sa stíl inar cruthaíodh go leor de na hamhráin ar dtús, chun taitneamh a bhaint as atmaisféar cairdiúil a léiríonn go bunúsach an sásamh a bhaineann cairde as a bheith ag seinm le chéile do chairde, gan stiúir theicneolaíochta. Páirteach i Crime (Acoustic) tá Bronwyn Adams (veidhlín agus fonnadóireacht), Simon Bonney (fonnadóireacht) agus Joshua Murphy (giotár fuaimiúil agus fonnadóireacht) agus feidhmeoidh siad i dteannta an ghrúpa níos mó leis na huirlísí leictreacha. Canfaidh siad amhráin ón gcatalóg a bhí ag Crime roimhe sin chomh maith le hamhráin roghnaithe as taifeadtaí aonair de chuid Simon.
Ticéid €15/€20 ar fáil anseo
Photo credit: Christiania Krueger