Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Clann Mhic Ruairí – Inis Meáin

Dé hAoine Meitheamh 13 @ 8:30 pm - 10:30 pm

Is banna ceoil tíre/traidisiúnta Éireannach iad Clann Mhic Ruairí. Grúpa teaghlaigh iad, ceathrar deartháir Tony (amhránaí), Aodh (amhránaí/giotáraí), Seán (amhránaí), Dónall (amhránaí/cnagcheoltóir) agus Megan iníon le Tony (pianó agus amhránaí). Tógadh an teaghlach le hamhráin agus scéalta Gaelacha ‘Ghaeltacht Rann na Feirste’ i gContae Dhún na nGall, (ceantar Gaeltachta) in Iarthuaisceart na hÉireann. Tugann a gcuid ceoil léargas don éisteoir ar an gcultúr saibhir seo atá á chaomhnú acu. Tháinig ceoltóirí mór le rá as an gceantar seo freisin, ceoltóirí a bhfuil aithne orthu go hidirnáisiúnta agus a mhúnlaigh an ceol traidisiúnta Éireannach óna 1970idí. Is anseo a tháinig Clannad, Skara Brae, Altan, Manus agus Dónall Lunny faoi bhláth gan a lua ach cúpla dream, agus tá Clann Mhic Ruairí ag súil an cultúr saibhir ceoil seo atá i gceartlár a gcroíthe a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is ceoltóirí astu féin freisin iad gach duine de Chlann Mhic Ruairí, chan gach duine acu astu féin thar na blianta agus freisin in éineacht le ceoltóirí agus grúpaí eile. Sa mbliain 2013 bheartaigh siad a theacht le chéile go hoifigiúil mar Chlann Mhic Ruairí agus is é an chloch is mó ar a bpaidrín ná traidisiún amhránaíochta Rann na Feirste a chaomhnú. Is amhráin a bhí cumtha agus canta ina gcomharsanacht leis na céadta bliain is mó atá acu. Canann siad na hamhráin thraidisiúnta seo le cur chuige comhaimseartha, nuálach agus spreagthach ach coinníonn siad glaine agus ionracas traidisiúnta an amhráin.

Ticéid: €20/€25 aar fáil anseo

 

Details

Venue

Organizer