- This event has passed.
Blue Road Scéal Edna O’Brien 4i.n. & Girl with Green Eyes 8i.n.

Blue road: Scéal Edna O Brien 4i.n.
Stiúrthóir: Sinéad O’Shea
Ag glacadh páirt: Jessie Buckley, Declan Conlon, Gabriel Byrne
EOLAS FAOIN SCANNÁN:
98 nóiméad, Éire, 2024, 12A
Achoimre
Cuireann an déantóir scannán Sinéad O’Shea (Pray for our Sinners) an t-údar agus drámadóir Edna O’Brien i láthair agus í ag machnamh go macánta agus go hoscailte ar a saol agus gairm. Lena céad úrscéal The Country Girls a bhí an-oscailte faoi chúrsaí gnéis sháraigh sí srianta patrarcacha agus reiligiúnacha na hÉireann agus bhain sí cáil liteartha amach. De bharr a cáinte in Éirinn agus a tóir ar fhaoiseamh ó dhrochíde a fear céile, d’éirigh O’Brien údarásach agus bisiúil, conspóideach agus oscailte faoi chúrsaí gnéis, bean chumhachtach láidir a rinne saibhreas agus a chaill saibhreas.
Críochnaíodh an scannán Blue Road go gairid roimh a bás anuraidh agus tá píosaí ann as dialanna le O’Brien (á léamh ag Jessie Buckley), ábhar ó Gabriel Byrne agus Anne Enright chomh maith le daoine eile, agus an t-agallamh iontach deireanach le Edna í féin ag aois 93, agus í ag machnamh le dínit agus cneastacht ar a saol iontach.
Buaiteoir – An Scannán Éireannach Nua is Fearr, Féile Scannán Idirnáisiúnta Chorcaí 2024
Girl with Green Eyes 8i.n.
91 nóiméad, Éire, 1964 , not rated
Cóiriú tochtmhar ar úrscéal Edna O’Brien, leis na príomhpháirteanna ag Rita Tushingham and Peter Finch, ag scrúdú téamaí soineantachta agus ionchais shochaíocha.
Ticéad do scannán amháin €12 / €10 ar lacáiste
Ticéid don dá scannán €20 / 15 ar lacáiste
Ticéid ar eventbrite
